Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

In this section

“Gabh ar do Rothar!” – Spraoi-Rothaíocht sa Chathair

Is mian le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le hOifig Iompair Bhaile Átha Cliath agus le Concern, a fhógairt go mbeidh an ceathrú Turas Spraoi-Rothaíochta sa Chathair á reáchtáil  i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh 14 Meán Fómhair 2008 ó Chearnóg Mhuirfean Theas.  Is spraoi-ócáid saor ó tháille é an Turas Spraoi-Rothaíochta sa Chathair agus é oscailte do gach duine de gach aois agus de gach leibhéal corpacmhainne. Is lá mór amuigh faoin spéir don teaghlach iomlán é!

Tá áit ann do 4,500 duine sa Turas i mbliana agus dá bhrí sin ní mór do gach díograiseoir rothaíochta agus d’aon duine a bhfuil spéis acu páirt a ghlacadh ann clárú gan táille a íoc ag www.dublincitycycle.ie  (Má bhíonn aon deacracht agat clárú, seol do shonraí clárúcháin i ríomhphost chuig eventsprm@dublincity.ie le do thoil).
Iarrtar ar na rannpháirtithe cruinniú i gCearnóg Mhuirfean Theas ag 8.30am ar 14 Meán Fómhair agus cuirfear tús leis an turas rothaíochta ag 9.30am.

Turas 10 gciliméadar a bheidh ann thart ar shráideanna stairiúla Bhaile Átha Cliath. Ag an tús feicfear radhairc de shráideanna leathana áille Seoirseacha cheantar Chearnóg Mhuirfean Theas agus ar an mbealach tríd na sráideanna rachfar thart ar a lán áiteanna iomráiteacha amhail Dánlann an Hugh Lane, an Gairdín Cuimhneacháin, Droichead Uí Chonaill, Coláiste na Trionóide agus go leor taiscí agus seod eile de chuid Chathair Bhaile Átha Cliath.  Ní rás é seo ach turas rothaíochta ar luas socairshuaimhneach agus gan cead a bheith ag aon trácht eile na bóithre sin a úsáid i rith an turais.   Is é an Garda Síochána a bheidh ag cogairsiú an turais agus beidh na bóithre ar oscailt arís don ghnáth-thrácht ag 11.30am.  Meastar go nglacfaidh sé uair an chloig chun an turas iomlán a dhéanamh agus is í Cearnóg Mhuirfean arís deireadh na scríbe.
“Is deis iontach é an Turas Spraoi-Rothaíochta sa Chathair chun sult a bhaint as áilleacht fhoirgnimh stairiúla Bhaile Átha Cliath. Ba mhaith liom an spraoi-ócáid seo a thréaslú le gach duine a d’eagraigh í, nó déanfaidh sí cuid mhór chun feabhas a chur ar shláinte mhuintir na cathrach,” arsa an tArdmhéara an Comhairleoir Eibhlín Uí Bhroin.


Críoch

For more information

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis an Oifig Preas, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Teil. 086 8150010, nó le Laura O Mahony, Concern, Teil. 086 8035388