An bhfuil smaointe ag an aos óg conas eacnamaíocht Bhaile Átha Cliath a spreagadh? Má cheapann tú go bhfuil freagra dearfach ar an gceist sin, is fiú cuairt a thabhairt ar an taispeántas ‘It’s my Business’ a bheidh ar siúl mar chuid den bhféile Innovation Dublin san Atrium, Oifigí na Cathrach ag 12.30 , Déardaoin 15 Deireadh Fómhair.
Beidh ceathrar gnó-eagraithe óga as ceithre scoil ó lár na cathrach ag cur i láthair a gcuid moltaí maidir le cúrsaí gnó. Ina measc siúd tá solas grianchumhachta léitheoireachta, cumhrán ar luach réasúnta agus seodra athchúrsáilte.