Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i mbun Siúlóide san Fhiadhúlra

Cad chuige na mbuailfeá le daoine ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus dul ar chamchuairt siúil thart ar An Bhulla Thuaidh chun eolas a fháil ar Fhiadhúlra an Gheimhridh? Tiocfar le chéile lasmuigh de Stáisiún Dart Ráth Eanaigh Dé Céadaoin, 18 Feabhra ag 2.00pm.

Tá clú idirnáisiúnta ar Chuan Bhaile Átha Cliath mar gheall ar an líon mór éan ilchineálach a thagann ar cuairt san Fhómhar agus sa Gheimhreadh chun bheith á mbeathú féin ar na hoitreacha gainimh agus láibe. Beidh an tOifigeach Bithéagsúlachta, Mairead Stack, i do chuideachta chun cuidiú leat eolas a fháil ar an líon mór ainmhithe agus plandaí ilchineálacha sa chuan agus ina thimpeall.

 
A CHRÍOCH SIN

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Oifig Preas, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath: (01) 2222170 / 086 8150010