Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

Páirc imeartha uile-aimsire nua chun Sárpheileadóirí nua a spreagadh

Beidh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Eibhlin Byrne, Uachtarán Chumann Sacair na hÉireann, John Delaney, agus Bainisteoir Fhoireann Sacair Phoblacht na hÉireann, Giovanni Trapattoni, i láthair chun páirc imeartha uile-aimsire ilspóirt nua a oscailt ag Gairdíní San Treasa, Ascaill Dhún Uabhair, Baile Átha Cliath 8 Déardaoin 12 Feabhra 2009 ag 2.00pm.

Ar 12.00 meán lae, sula mbeidh oscailt oifigiúil na páirce ann, imreofar sraith cluichí sacair idir cúig scoil áitiúil ón gceantar.  Imreoidh na scoileanna in éadan a chéile agus imreoidh an dá fhoireann is fearr sa Chluiche Ceannais.  Bronnfar duaiseanna ar na buaiteoirí ag deireadh an chluiche sin.

Is tionscnamh comhpháirteach í an pháirc uile-imeartha idir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Cumann Sacair na hÉireann agus an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta.

 

Críoch
 

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Liam Hendrick, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Oifig Cheantar na Saoirsí, Teil: 222 7321 nó Oifig Preas Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Teil: 222 2170/086 815 0010.