Ag 12.30pm Dé Sathairn 4 Aibreán i Spórtlann Choláiste Naomh Pól bronnfaidh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Eibhlín Byrne, duaiseanna ar bhuaiteoirí aonair agus ar fhoirne buaiteacha rásaí bóthair Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath / an BHAA (Cumann Lúthchleasaíochta na dTithe Gnó).
Lena chois sin bronnfaidh an tArdmhéara duais speisialta ar Paul Fleming (an Bord Bainne) – buaiteoir rás na bhfear in 2006, in 2007 agus in 2008, agus ar Mary Hanley (an Roinn Fiontair) – buaiteoir rás na mban in 2006, in 2007 agus sa dara háit in 2008.
Cuirfear tús le rás 2 mhíle na mban ag 11.00 a.m. Cuirfear tús le rás 4 mhíle na bhfear ag 11.30 a.m. Tosóidh an dá rás ar Phríomhascaill ghalánta na páirce a bhfuil líne crann ar an dá thaobh di, agus is ansin a chríochnóidh siad. Cuirfear fáilte roimh reathaithe de gach grád agus de gach caighdeán. Táille iontrála €15 do reathaithe nach bhfuil cláraithe leis an B.H.A.A.
A CHRÍOCH SIN
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Oifig Preas, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath: (01) 2222170 / 086 8150010