Tugann Lá Spraoi Bhaile Átha Cliath deis do rothaithe a bheith ainmnithe sa Guinness Book of Records
Bronnfaidh Lá Spraoi Bhaile Átha Cliath a bheidh ar siúl i bPáirc an Fhionnuisce Dé Domhnaigh, 14 Meitheamh deis ar mhuintir Bhaile Átha Cliath sult a bhaint as rothaíocht, agus, ag an am céanna, curiarracht domhanda a shárú le dul isteach sa Guinness Book of Records. Is cuid de Sheachtain Rothair Náisiúnta é Lá Spraoi Bhaile Átha Cliath atá mar chomhthionscnamh ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Iompair. Tá saorchead isteach chuig an ócáid seo,atá oscailte do chách agus a bheidh ar siúl in aice le Cros an Phápa ó 11am go 4pm.
Is é ceann de phríomh imeachtaí an lae ná go mbeidh teaghlaigh in ann sult a bhaint as rothaíocht ar bhóithre dúnta trí Pháirc an Fhionnuisce. Tá an imeacht seo eagraithe i bpáirt le Barnardos, an eagras carthanachta do pháistí. Beidh na rannpháirtithe ag iarraidh an curiarracht domhanda reatha de shlabhra rothar le 2,284 rothair a shárú
Críoch
Notes to editor
Other events on the day include BMX displays, bike polo, bike doctor clinics, music, entertainment, street theatre and face painting.
You can register for the 10km cycle and the world’s longest bicycle chain on-line at www.bikeweek.ie
Participants can get fund raising packs for the charity cycle at www.barnardos.ie