Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

In this section

Cúirt Merville – Ollionad Tithíochta Nua do Sheanóirí

Ag 10.30am Dé hAoine 15 Bealtaine 2009 déanfaidh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Eibhlin Byrne, Cúirt Merville, ollionad nua tithíochta de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do Sheanóirí ar Chéide San Eiléana, Fionnghlas, a oscailt go hoifigiúil.

 

Tá 45 árasán sa scéim, 39 aonad aon seomra agus 6 aonad dhá sheomra.  Tá aghaidh na n-árasán le gairdín álainn agus balla thart air, agus tugann roinnt de na cónaitheoirí cúram agus cothabháil leanúnach don ghairdín.  Ós rud é gur dearadh an t-ollionad chun bheith oscailte ach daingean agus seomra caidrimh ann atá lán gníomhaíochta agus é in oiriúint do gach duine, tá tuiscint láidir ina measc gur pobal iad agus gur leo féin an t-ollionad. 

 

Tá oifigí nua sa ollionad agus is iontu atá foireann de sheisear Oifigeach Teagmhála Pobail de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag obair.  De bhrí go mbeidh siad ag obair go dlúth leis an cónaitheoirí, rud atá barrthábhachtach, cinnteofar go mbeidh tuiscint i measc na gcónaitheoirí gur pobal iad agus go bhfuil siad sábháilte, agus go mbeidh éiteas ginearálta i gCúirt Merville ina mothaíonn gach duine go buan go bhfuil gach duine ag tabhair aire dá chéile.

 

Críoch

 


 

For more information

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Oifig Preas, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Teil. 222 2170/086 815 0010.