Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

In this section

 Comharsain, ní féidir teacht gan Chomhar na gComharsan

Beidh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Eibhlin Byrne, i gcomhar le Foireann Forbartha Pobail Cheantar an Lárthuaiscirt ag reáchtáil ócáide i dTeach an Ardmhéara, ar 27 Bealtaine 2009 ag 5pm chun Lá Eorpach na gComharsan a cheiliúradh, lá a bheidh á cheiliúradh ar fud an chomhphobail hEorpaigh an tseachtain seo.

 

Beidh breis agus 100 ball de ghrúpaí gníomhaíochta lucht scoir as Cluain Tarbh a fuair cuireadh i láthair. Ina measc na  ngrúpaí a bheidh i láthair beidh Grúpa Gníomhaíochta Lucht Scoir Cheann Cora, Grúpa Gníomhaíochta Lucht Scoir Chluain Tarbh, Cumann Ban Chluain Tarbh, Cumann Ban Naomh Gaibréal, Grúpa Seanóirí Naomh Gaibréal agus Bantracht na Tuaithe. 

 

Cuirfear sólaistí ar fáil an oíche sin agus mar shiamsa beidh amhránaíocht, drámaíocht agus léamh filíochta ann.

 

Críoch.

For more information

Beidh tuilleadh eolais ar fáil ón Oifig Preas Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag 2222170 nó 086 8150010