Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

In this section

Láithreán Seantí Chaidéil i mBaile Átha Cliath curtha in oiriúint do scéim nua tithíochta

Déanfaidh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Eibhlín Uí Bhroin scéim nua tithíochta sóisialta de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a oscailt go hoifigiúil ag Bóthar Dhroichead Londan ar an Aoine, 15 Bealtaine 2009 ag. 1.30pm.

 

Is é seo an chéad scéim den trí scéim tithíochta a osclófar an mhí seo. i gCeantar an Lárdheiscirt.  Tá ceithre aonad tithíochta is fiche sa choimpléasc seo ag láithreán sean stáisiún caidéalaithe de chuid na Comhairle Cathrach.  Tá an fhorbairt trí stór seo an-tarraingtheach go deo agus lorg na seanré fós le sonrú.  Ní amháin go bhfuil an aghaidh eibhir ón seanteach chaidéil ann ach baineadh úsáid as an mbun innealra athchóirithe ón ngléasra mar chuid den dearadh.  Chomh maith leis sin is iad múnlaí na seanshimléirí dealraithe san oíche atá mar príomhfócas an choimpléisc.