Cuirfidh Oifig Cheantar an Lárthuaiscirt de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath léiriú de” Dublin in the Rare Old Times”,ar siúl Dé Céadaoin 13 Bealtaine ag Cúirt Naomh Gabriél, Bóthar Naomh Gabriél, Cluain Tarbh i láthair Ardmhéara Bhaile Átha Cliath Éibhlin Byrne.
Cuirfidh an scríbhneoir amhrán ó Bhaile Átha Cliath, Pete St. John, an léiriú i láthair. Is é atá i gceist sa léiriú ná cuimhní pearsanta den seanshaol i mBaile Átha Cliath i rith na caoga nó seasca bliain atá imithe thart maraon le sraith sleamhnán a léiríonn foirgnimh agus sráideanna de Bhaile Átha Cliath mar a bhí.
Cé go bhfuil an léiriú seo dírithe ar dhaoine críonna, bheadh an t-ábhar spéisiúil chomh maith do dhaoine óga a bhfuil suim acu i stair shóisialta Bhaile Átha Cliath.
Tá saorchead isteach.
Chun breis eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil le:
An Oifig Preas, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (01) 2222170/086 8150010