Seolfaidh an tArdmhéara, Eibhlin Byrne, Tionscadal Stair Bhéil Bhuamáil na Trá Thuaidh Dé Céadaoin, 27 Bealtaine 2009 ag 12pm i Leabharlann Mheal Charleville, An Trá Thuaidh, Baile Átha Cliath 3 mar chuid d’Fhéile na Bealtaine 2009.
Is tionscnamh de chuid Chartlann Chathair Bhaile Átha Cliath é an tionscadal, agus táthar ag súil go mbaileofar agus go gcaomhnófar, lena linn, cuntais ó na finnéithe súl ar ar tharla an oíche sin, an 30ú-31ú de Bhealtaine 1941. Is ar an oíche sin a scaoil eitleáin de chuid na Gearmáine buamaí anuas ar an Trá Thuaidh agus maraíodh ochtar is fiche agus gortaíodh a lán daoine eile.
Mar chuid den tionscadal cuireadh agallamh ar dtús ar ochtar a bhí ann le linn bhuamáil na Trá Thuaidh agus a chonaic tionchar léirscrios agus shléacht na hoíche sin ar an áit agus ar shaol na ndaoine a ndeachaigh sin go díreach i bhfeidhm orthu. Tá faisnéis mhionchruinn thaifeadta na bhfinnéithe súl a bhí ann thar a bheith luachmhar, agus, ós rud é go gcaomhnófar na cuntais sin i Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath, cinnteofar go mbeidh teacht ag gach duine orthu feasta.