Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

In this section

Ag ciceáil i gCill Bharróg Áis Imeartha Uile-aimsire nua ag Cúirt Mhic Réamainn

 

Osclóidh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Emer Costello Áis Imeartha Uile-aimsire nua ag Cúirt Mhic Réamainn, Cill Bharróg Dé Máirt 24 Meán Fómhair ag 3pm.

 

Is é féar sintéiseach atá mar dhromchla ag an áis iontach seo amuigh faoin aer.  Beidh sé oiriúnach do spóirt éagsúla lena n-áirítear cispheil, eitpheil, sacar, peil ghaelach, rugbaí agus lúthchleas.

 

Beidh deis ag muintir an phobail páistí ón cheantar  a fheiceáil ag léiriú a gcuid scileanna agus iad ag glacadh páirt in imeachtaí éagsúla sa pháirc nua seo  ag 2.45.

 

 Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil le Aidan Fitzsimons, Oifig Cheantar an Lárthuaiscirt ag 2228559 / 0868150943 nó le hOifig Preas, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ag 2222170 / 086 8150010

 

CRÍOCH