Déanfaidh an tArdmhéara, an Comhairleoir Emer Costello an Club Óige Brú Chromghlinne a athsheoladh go hoifigiúil Dé hAoine, 25 Meán Fómhair 2009 ag 6.30pm ag Club Óige -An Brú, Bóthar San Aignéas, Cromghlinn, Baile Átha Cliath 12.
According to the Lord Mayor Cllr. Emer Costello, “The provision of community and leisure facilities is a key priority for Dublin City Council. The Bru Youth Club has a long history of service in the Crumlin area and it is fitting that it now has fantastic new facilities which will give young people the opportunity to meet and have some fun. I hope that the Bru Youth Club will continue to give its users a voice, a sense of community and a reason to be proud.”
Rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath uasghrádú a chosain €1.6 milliún le cabhair ón gCiste Áiseanna agus Seirbhísí don Óige atá faoi réir ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Mar thoradh ar na hoibreacha athchóirithe, tá seomra ríomhaire nua, seomra ilmheáin nua agus cistin/caifé lánfheistithe ar fáil anois.
Sa lá atá inniu ann tá timpeall 150 daoine óga ó cheantar Chromghlinne ag baint tairbhe agus taitnimh as na saoráidí nua seo. Faigheann siad tacaíocht ón bhfoireann ghairmiúil atá ag leanacht ar aghaidh leis an sárobair a rinne an tAthair Alan, bunaitheoir an chlub, agus a fhoireann d’oibrí deonacha.
CRÍOCH