Beidh Lá Súgartha 2009 de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar siúl i gCearnóg Mhuirfean, ar an Domhnach, 5Iúil ó 2pm ar aghaidh go 5.30 pm.
Beidh an tArdmhéara , an Comh. Emer Costello i láthair ag an ócáid agus dar léi “ Is ócáid éagsúil do pháistí é an Lá Súgartha seo mar tá béim ar an gcineál súgradh simplí is aoibheann le páistí. In ionad bheith ag braith ar threalamh costasach nó bheith ag suí mór thimpeall, beidh deis ag gach duine a bheith gníomhach i gcluichí lán de spraoi”
Deir an tArdmhéara go mbainfidh gach duine sásamh as an ócáid seo, “ Tá sé deimhin go nochtfar spiorad an pháiste in gach uile duine ag an ócáid seo atá saor in aisce. I measc na gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl, beidh caitheamh piliúr, cluichí le paraisiúít, séideadh boilgeoga ollmhóra,deis páirt a ghlacadh i mbachúrsa amaideach, gléasadh suas, drámaí puipéad agus mórchuid imeachtaí eile. “
Críoch