Tá lúcháir ar Rannán Páirceanna agus Seirbhísí Tírdhreacha Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath sonraí a fhógairt faoin bhFéile Rósanna bhliantúil a thionólfar ag Rósghairdín San Anna, Páirc San Anna, Ráth Eanaigh Dé Sathairn, 18 Iúil agus Dé Domhnaigh, 19 Iúil 2009. Tá an-mheas tuillte ag an bhFéile seo cheana agus is é seo an deichiú bliain len í a reachtáil i dtimpeallacht aoibhinn Pháirc San Anna.
Beidh an Fhéile ar siúl ar an dá lá ó 10.30 a.m. go 6 p.m. agus beidh taispeántais agus seastáin trádála ann ar oscailt do mhuintir an phobail. Tá cead isteach chuig an bhFéile agus an pháirceáil saor in aisce.
Beidh siamsaíocht de gach cineál á cur ar siúl agus ceol beo le cloisteáil le linn an dá lá. Is é an Domhnach an ‘Lá Gníomhaíochtaí don Teaghlach’, lena n-áireofar siamsaíocht do pháistí, dreapadh balla lasmuigh agus cluichí móra gháirdín, péintéireacht aghaidheanna, seónna puipéad agus draíochta
Críoch
Nótaí chuig an Eagarthóir
Sonraí faoin chlár don Satharn & don Domhnach
Dé Sathairn, 14 Iúil 2007 (Oscailte 10.30 r.n. go dtí 6 i.n.)
10.30 r.n. Oscailt taispeántais & seastáin trádála á gcur ar fáil ag Saothraithe Rósanna, Ionad Gairdín, Cumainn Gairneoireachta, Plandlanna & Ceardaíocht.
2 i.n. Jack Lamb - ‘Happy with Fuchsias’
3 i.n. ‘Garden Clinic’ le Gerry Daly
3 i.n. - 5 i.n. Ceol sa Pháirc
Dé Domhnaigh, 15 Iúil 2007 Lá don Teaghlach (Oscailte 10.30 r.n. go dtí 6 i.n.)
10.30 r.n. Taispeántais, seastáin Trádála & Ceardaíochta ar leanúint
12 i.n. - 2 i.n. Ceol sa Pháirc
2 i.n. Jack Lamb - ‘Happy with Fuchsias’
Comórtas ‘Roghnaigh do Rós’ do dhaoine fásta & pháistí
3 i.n. Éanna Ní Lamhna ‘Going Wild in the Garden’
2.30 i.n. - 5 i.n. Siúlóidí Treoraithe thart ar an Rósghairdín
Ceol sa Pháirc
Is mar gheall ar Thrialacha Rósanna Idirnáisiúnta Chathair Bhaile Átha Cliath a bunaíodh an fhéile bhliantúil. Tugtar cuireadh do phóraitheoirí ar fud an domhain rósanna a chur isteach sa triail a mhairfidh tréimhse ocht mí dhéag. Tá painéal moltóirí ann as measc saothraithe rósanna, lucht gairneoireachta agus daoine eile atá cáilithe mar is cuí agus is amhlaidh a dhéanann siadsan measúnú ar na rósanna sa tréimhse sin. Is Painéal de Shaineolaithe Idirnáisiúnta Rósanna é a dhéanfaidh an mholtóireacht deiridh roimh Fhéile na Rósanna. Cuirtear an dá scór le chéile a bhronnann an Painéal Moltóirí Áitiúla agus an Painéal Moltóirí Idirnáisiúnta agus bronntar an Gradam Órga ar an té a ghnóthaíonn an scór is airde i ngach catagóir. Is féidir le cuairteoirí na Féile amharc ar rósanna na mbuaiteoirí ag an bhFéile.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Emma Hutchinson, Maoirseoir Feidhmhiúcháin na bPáirceanna, An Rannán Páirceanna agus Seirbhísí Tírdhreacha, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Teil: 01 2223806 / 086 3805190