Tá feabhas suntasach curtha ar Pháirc na Coille Móire le déanaí agus osclófar go hoifigiúil í do mhuintir an phobail ar an gCéadaoin 22 Iúil ag 12.00am. Thóg sé 9 mí leis na hoibreacha athchóirithe a chur i gcrích. Is í an tArdmhéara, an Comhairleoir Emer Costello, a bheidh i mbun na hoscailte agus beidh cónaitheoirí ó Bhaile Formaid, an fhoireann bainistíochta tionscadail agus feidhmeannaigh de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i láthair ag an ócáid .
Bhí costas 1 mhilliún euro ag baint leis an scéim athchóirithe seo do Pháirc na Coille Móire. Maíonn an pháirc anois spás ath-thírdhreachtaithe nua lena n-áirítear páirc Astroturf cúig- sa –taobh tuilsoilsithe mar aon le páirc chispheile/pheile chomhcheangailte, limistéar bolla, sleamhnáin, frámaí dreaptha agus áiseanna súgartha eile.
Críoch