Tugann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath dá haire gur chinn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Ceadúnas Diúscartha Dramhaíola a thabhairt don ghléasra ‘Fuinneamh as Dramhaíl’ a mholtar a bheith ag an bPoll Beag faoi réir 12 thacarcoinníollacha agus 216 choinníoll aonair san áireamh. Déanfar mionscrúdú ar na coinníollacha sin anois i gcomhar le soláthróirna seirbhíse. Ní chuirfear tús le hobair an tionscadáil go ceann tamaill.
San idirlinn déanfaidh an Chomhairle Cathrach scrúdú breise ar cheisteanna a bhaineann le Gnóthachan Pobail agus leis an bhFaireachán a dhéanfaidh Saineolaithe Neamhspleácha ar an tSaoráid thar ceann an Phobail. Rachaidh an Chomhairle Cathrach i gcomhairle leis na grúpaí áitiúla ina leith sin agus eagrófar lá oscailte don phobal áitiúil ar 17 Eanáir 2009.
A CHRÍOCH SIN