Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann ag seoladh Beithilín Ainmhithe Beo ag Teach an Ardmhéara

Beidh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Eibhlin Byrne, i gcomhar le hUachtarán Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, an tUasal Padraig Walshe, ag oscailt Beithilín Ainmhithe Beo go hoifigiúil ag Teach an Ardmhéara ag 10.45 am Dé Luain 8 Nollag, 2008.  

Léireofar sa Bheithilín radharc traidisiúnta de bhreith Chríost i measc ainmhithe beo i stábla lánmhéide a rinneadh go speisialta don ócáid. Tabharfaidh FAÉ na hainmhithe isteach gach maidin agus tabharfar ar ais iad chuig feirm ar imeall na cathrach gach oíche.  

Beidh an Beithilín ar oscailt don phobal lasmuigh de Theach an Ardmhéara ó Dé Luain 8 Nollaig go dtí Dé Céadaoin 24 Nollaig (go huile) ó 11am go dtí 7pm gach lá ( ag dúnadh ag 6pm Oíche Nollag). 

A CHRÍOCH SIN

For more information

Oifig Preas, Roinn Seirbhísí Corparáideacha, Oifigí na Cathrach, An Ché Adhmaid, BAC 8, Éire

T. 01 222 2170  F. 01 222 2681 M.086 8150010 E. info@dublincity.ie