Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

Paráid Deireadh Traenála Earcaigh de chuid Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath

Tá seisear earcach is daichead de chuid Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath i ndiaidh pas a ghnóthú sa chúrsa traenála agus glacfaidh siad páirt i bParáid Dheireadh Traenála na nEarcach Dé Céadaoin 3 Nollaig 2008 ag 1.00pm, in Ionad Traenála Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, Marino, Baile Átha Cliath 3. 

Beidh an tArd-Mhéara, Eibhlin Byrne, agus an Bainisteoir Cathrach,  John Tierney, i láthair ag an searmanas.     

Tá na hearcaigh i ndiaidh clár dian traenála ceithre seachtaine is fiche a dhéanamh agus tá saineolas agus scileanna praiticiúla foghlamtha acu a chuirfidh ar a gcumas bheith ag obair i gcomhar le comhraiceoirí dóiteáin gairmiúla eile ar comhghleacaithe iad i mBriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath.   

Mar chuid den chlár traenála déanann siad cúrsa 8 seachtaine oiliúna mar Pharaimhíochaineoirí / Theicneoirí Míochaine Éigeandála chun go mbeidh siad ábalta na scileanna sin a úsáid i dtaismí agus in éigeandálaí.

Críoch

For more information

 Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin searmanas ón bPreasoifig, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, 2222170 / 0878150010 nó cuir r-phost chuig info@dublincity.ie. Is é uimhir Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath 6734154 / 086 8227447