Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

Tá tús á chur le tógáil áis phobail nua sa Chloigín Gorm

Déanfaidh an tArdmhéara Eibhlín Uí Bhroin “an fód a bhaint “go hoifigiúil chun tús a chur le tógáil Áis Phobail an Chloigín Ghoirm, Bóthar an Chloigín Ghoirm, Baile Átha Cliath 12 ag 1 pm, Dé Máirt 2 Nollaig. 

Cuirfidh Áis Phobail an Chloigín Ghoirm go mór le bonneagar sóisialta agus pobail i gCeantar an Lárdheiscirt agus i gCill Mhaighneann ach go háirithe.  Beidh seomraí ilchuspóireacha oiriúnach do sheimineáir agus do chruinnithe maraon le balcóin ar an díon le radharc anuas ar an bpáirc peile in aice láithreach san áireamh san áis seo.   

Dar le Bruce Phillips, Bainisteoir Ceantair Cúnta , in Oifig Ceantair an Lárdheiscirt i gCill Mhaighneann, “Tá moladh mór ag dul do mhuintir na háite as ucht an méid oibre a rinne siad chun maoiniú a fháil don áis seo.”  Tá maoiniú á sholáthar ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, crannchur Pobail an Chloigín Ghoirm agus deontais rialtais éagsúla.  Ghnóthaigh Patrick Brock & Sons Ltd an conradh le haghaidh an tionscadail seo agus táthar ag súil le go mbeidh an tógáil críochnaithe i gceann 15 mhí agus go mbeidh an áis réidh le húsáid ag tús 2010.

For more information

Bruce Phillips, Assistant Area Manager (South Central Area), Tel. (01) 222 5108

Press Office, Dublin City Council, Tel. (01) 222 2170/ 086 815 0010