Beidh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Eibhlín Uí Bhroin, i láthair ag an Damhsa Bliantúil dóibh siúd atá ag Mothú Anaosta” de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Beidh an damhsa ar siúl sa Chlub Iompair, Cromghlinn, Déardaoin 9 Deireadh Fómhair ag 7.30 pm.
Eagraíodh an chéad damhsa in 2003 sa bhliain céanna inar osclaíodh an Oifig Ceantair i gCromghlinn. Is é atá mar sprioc ag an damhsa seo ná deis a thabhairt do dhaoine scothaosta teacht le chéile ag ócáid siamsaíochta agus casadh ar bhaill foirne Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ar na Gardaí Síochána áitiúla agus ar Ionadaithe Poiblí. Bíonn breis agus 450 duine ag freastal ar an ócáid gach bliain. Beidh sóláistí, ceol agus duaiseanna ar fáil i rith na hoíche.
Críoch