Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

"Early Modern Dubliners" leis an Dr Maighréad Ní Mhurchadha

Seolfaidh an Comhairleoir Eibhlín Uí Bhroinn, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, an leabhar Early Modern Dubliners leis an Dr Maighréad Ní Mhurchadha  i Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath, Sráid an Phiarsaigh, ar 28 Lúnasa ag 7.00pm.
 
“Tugann Early Modern Dubliners  léargas dúinn ar an gcineál saoil a bhí ag daoine éagsúla agus iad ag dul i ngleic leis na fadhbanna a bhí ag cur a mbeatha i mbaol idir phlánna agus chogaí, ach mar sin féin, lean siad orthu go neamhspleách agus iad bródúil as a n-áit dhúchais.  Déantar trácht sa leabhar ar an saol i mBaile Átha Cliath 400 bliain ó shin agus is díol spéise agus ábhar breá léitheoireachta an leabhar a bhfuil an dúrud eolais ann” arsa Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Eibhlín Uí Bhroinn.

Is foilseachán nua é de chuid Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath agus é bunaithe ar shraith de cheithre léacht a thug an Dr Ní Mhurchadha ar ócáidí éagsúla a d’eagraigh an Leabharlann agus Cartlann ó 2004 i leith.

Is é Baile Átha Cliath ó dheireadh an 16ú haois go dtí tús an 17ú haois ábhar na gceithre léacht sin; roghnaigh an t-údar daoine éagsúla de mhuintir na cathrach agus rianaigh sí an cineál saoil a bhí acu idir shonas agus donas.  D’aimsigh sí a lán faisnéise i ndoiciméid chartlainne agus ina measc sin doiciméid a bhí faoi chúram Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus iad ina dtaifid loma ar shaol an ghnáthdhuine: iontrálacha i dtaifid eaglaise, fógraí torraimh, liostaí de shaoirsigh chathair Bhaile Átha Cliath, agus araile. Is iontach an dóigh ar thug sí beocht do na fíricí tirime sin agus i ndiaidh dúinn na haistí a léamh táimid mar bheadh aithne againn ar na daoine sin. Tá réamhrá bríomhar ag tús an leabhair a cheanglaíonn na haistí le chéile agus a chuireann tréimhse staire na ndaoine i gcomhthéacs.

Is saineolaí í an Dr Ní Mhurchadha ar Bhaile Átha Cliath le linn an 16ú agus an 17ú haois agus ar stair áitiúil na Sceirí ar geall lena háit dhúchais iad. Is as Cathair Bhaile Átha Cliath ó dhúchas í agus suim aici i stair shóisialta Chathair agus Chontae  Bhaile Átha Cliath sa Nua-aois Luath agus i stair an spóirt. Is údar í ar roinnt leabhar agus ar roinnt alt in irisí agus is léachtóir í a bhfuil ráchairt mhór uirthi.

Mar chuid den oíche tabharfaidh an Dr Ní Mhurchadha  léacht ar ‘Dublin in 1608’, agus tabharfaidh sí buneolas dúinn ar an gcathair mar a bhíodh 400 bliain ó shin. Beidh fáiltiú agus fíon ann ina dhiaidh sin.

For more information

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis an Uas. Máire Kennedy, Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath, 01 6744995, r-phost: dublinstudies@dublincity.ie