Bronnfaidh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Eibhlin Uí Bhroin, Duaiseanna Chomharsanachtaí na Cathrach 2008 ag searmanas in Oifigí na Cathrach, An Ché Adhmaid, Baile Átha Cliath 8, Déardaoin 25 Meán Fómhair ag 5pm.
Léiríonn cónaitheoirí agus cumainn ghnó araon an -suim i gComórtas Chomharsanachtaí Chathair Bhaile Átha Cliath. .Déanann an Chomhairle Cathrach cónaitheoirí, scoileanna agus an lucht gnó a spreagadh chun iarratas a chur isteach ar an gComórtas. Roghnaíodh na hiarrthóirí ab fhearr ó gach ceann de na cúig cheantar riaracháin sa Chomhairle Cathrach chun dul ar aghaidh chuig Chomórtas Ceannais na Cathrach. Rachaidh an buaiteoir a fhógrófar ag an searmanas um thráthnóna ar aghaidh chuig an gComórtas Chomharsanachtaí Cathrach Náisiúnta atá á reáchtáil ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitúil. Ainmneofar na buaiteoirí le haghaidh Living Dublin Awards atá urraithe ag an Irish Times.
The Lord Mayor Eibhlin Byrne said ”At the core of this competition is a commitment by local businesses and residents to work together for their city. This partnership is vital to ensure that Dublin remains a city which continues to offer a good quality of life for all. In presenting these awards I would like to acknowledge the unselfish contribution made by all those being honoured at this ceremony.”
Dúirt an tArdmhéara Eibhlín Uí Bhroin, ”Is é croílár an chomórtais seo ná an tiomantas go bhfuil na an lucht gnó áitiúil agus cónaitheoirí ag obair le chéile ar son na cathrach. Tá an comhpháirtíocht seo tabhachtach chun go mbeidh caighdeán maith maireachtála do chách. Agus mé ag bronnadh na nduaiseanna seo, is mian liom aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá uilig ag fáil gradam ag an searmanas seo.
Mr John Tierney, Dublin’s City Manager said “this competition is an annual event since 2005 and it is Dublin City Council’s way of saying thank you to all those individuals and groups who have made a contribution to Dublin and its citizens. The quality of entries has strengthened from year to year. Dublin can be proud of everyone who contributes their effort and time to enhance their street or neighbourhood, their school or business. They all have shown pride in their city”.
Dúirt an tUasal John Tierney, Bainisteoir na Cathrach, : “tugann an comórtas seo atá á reáchtáil go bliantúil ó 2005 ar aghaidh deis do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, buíochas a ghabháil leis na daoine agus na grúpaí a chabhraigh le Baile Átha Cliath agus a cuid saoránach. Tá caighdeán na n-iontrálacha ag dul ó neart go neart in aghaidh na bliana. Is féidir le Baile Átha Cliath a bheith mórálach as na daoine atá toilteanach cabhrú chun feabhas a chur ar shráid, ar chomharsanacht, ar scoil nó ar ghnólacht ar leith. Thaispéain siad uile go raibh bród orthu as a gcathair féin.
CRÍOCH