Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

In this section

TÁ AN COMÓRTAS GAISCÍOCHTA UIRBÍ IS MÓ AR DOMHAN AG TEACHT GO BAILE ÁTHA CLIATH

Is i mBaile Átha Cliath a thógfar an gleo nuair a dhéanfar City Chase -Toraíocht ar fud na Cathrach. Is i Margadh na Feirme a bheidh an Comórtas Dé Sathairn 13 Meán Fómhair 2008 agus é ag tosú ag 10:00 am. Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus an Metro bródúil as bheith ag tacú leis an gcomórtas tionscnaimh seo ina mbeidh rásaíocht eachtrach agus sealgaireacht scoblála ar siúl le chéile mar chuid de shraith comórtas domhanda agus coimhlinteoirí ann as breis agus 10 dtír agus 20 cathair agus iad in iomaíocht lena chéile chun Craobh an Domhain a bhaint sa Chomórtas, Toraíocht ar fud na Cathrach.

Níl le híoc mar tháille ach €85 chun foireann beirte a iontráil agus is féidir clárú ag www.citychase.com – Bí ann – ag toraíocht ar fud Bhaile Átha Cliath! 

Críoch

For more information

Chun tuilleadh eolais a fháil ar City Chase -Toraíocht ar fud na Cathrach, déan teagmháil le James Hogben ag 020 7299 4173

james.hogben@limelightsports.com