
Sárshampla is ea Halla na Cathrach den ailtireacht Sheoirseach a thuill clú do Bhaile Átha Cliath i bhfad is i gcéin. Ba iad Cuallacht na gCeannaithe a thóg é idir 1769 agus 1779 d’fhonn an Malartán Ríoga a lonnú ann. Chosnaigh sé £58,000 é a thógáil, agus bailíodh an chuid is mó de sin de thoradh ar chrannchuir phoiblí. Ailtire darbh ainm Thomas Cooley a dhear an foirgneamh, tar éis dó comórtas a bhuachaint chuige sin. Bhí ailtire níos clúití ná é, James Gandon, sa chomórtas céanna, ach ba sa dara háit a tháinig seisean.Bhí an Malartán Ríoga inchurtha le haon cheann de sheoda ailtireachta na hEorpa lena linn, agus ba é an chéad fhoirgneamh in Éirinn a tógadh de réir na stíle nuachlasaicí a bhí san fhaisean ar an Mór-roinn. Bhí halla tosaigh cruinn, nó Rotunda, ann agus cruinneachán fairsing os a chionn a raibh dhá cholún déag mar thaca faoi. Ar gach taobh den Rotunda bhí cosán fáinneach ar a bhféadfadh na ceannaithe siúl ar a suaimhneas agus cúrsaí gnó a phlé le chéile. Léiriú ar stádas agus ar ghradam Bhaile Átha Cliath sa 18ú haois ba ea ollmhéid agus galántacht na bhfeistiúchán sa Mhalartán. Bhí mullaí snoite ann le Simon Vierpyl agus saothar pláistéireachta leis an stuccodore mórchlú úd Charles Thorp.
Ritheadh Acht an Aontais sa bhliain1800, agus ba olc an tionchar a bhí aige ar gheilleagar Bhaile Átha Cliath. Daichead bliain ó tógadh é, bhí an Malartán Ríoga geall le bheith díomhaoin ar fad. Ba é Bardas Átha Cliath a thug tarrtháil ar an bhfoirgneamh agus a cheannaigh sa bhliain 1851 é. Chuir siad in oiriúint é mar ionad riaracháin don chathair, rud a chuir spás oifige ar fáil nuair a bhí géarghá leis. Rinneadh an cosán fáinneach a dheighilt ina chodanna, tógadh staighre nua ón Rotunda go dtí na hurláir uachtaracha agus rinneadh na boghtaí a dheighilt ina gcodanna le haghaidh stórála. Ó 30 Meán Fómhair 1852 ar aghaidh bhí ainm nua ar an Malartán Ríoga, is é sin Halla na Cathrach agus ba ann a reáchtáladh an chéad chruinniú de Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath.
Bhí baint ag Halla na Cathrach le forbairt náisiúnachas Éireannach. Ba as sin a thosaigh sochraidí na ndtírghráthóirí móra, Charles Stewart Parnell agus Diarmuid Ó Donnabháin Rosa, agus lonnaigh na hÓglaigh ansin le linn Éirí Amach 1916, teagmhas a chomórtar le leac ag geataí tosaigh an fhoirghnigh. Sa bhliain 1922, ba i Halla na Cathrach a bhí ceanncheathrú shealadach Rialtas Sealadach na hÉireann, faoina chathaoirleach Mícheál Ó Coileáin. Ba as Halla na Cathrach a thosaigh sochraidí an Choileánaigh agus a chomrádaí, Art Ó Gríofa i 1922.
Go dtí an bhliain 1995, nuair a bhog ceanncheathrú Bhardas Átha Cliath ó Halla na Cathrach go dtí na hoifigí Cathrach nuathógtha ar an gCé Adhmaid, bhí Halla na Cathrach lárnach do riaracháin chathair Bhaile Átha Cliath. Is áit lárnach í fós do Chomhairle Cathair Bhaile Átha Cliath, baill tofa an Bhardais. Reachtálann Comhairle na Cathrach seisiún iomlánach an chéad Luan de gach mí i Seomra stairiúil na Comhairle. Is é/í Ardmhéara Bhaile Átha Cliath Cathaoirleach na gcruinnithe seo agus tá cead ag an pobal freastal orthu ach é a bheith socraithe roimhré. Tionóltar cruinnithe de choistí éagsúla de Chomhairle na Cathrach i seomra na mBall agus ag na cruinnithe seo pléitear gach gné de riaracháin na cathrach.
Sa bhliain 1998, chuir Bardas Átha Cliath tús le hiarracht uaillmhianach chun Halla na Cathrach a athchóiriú agus a sheanchumraíocht Sheoirseach a athshlánú. Bhí trí mhórchuspóir leis an iarracht seo: tábhacht an fhoirgnimh ó thaobh na staire agus na hailtireachta agus a luach do mhuintir na cathrach a dhearbhú; cuma an fhoirgnimh a bheith ag teacht lena thábhacht mar ionad cruinnithe Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath; agus na deiseanna cultúrtha agus turasóireachta a bhaineann leis a thapú. Baineadh amach na spiaraí a bhí ag deighilt an Rotunda ina chodanna ó aimsir na 19ú haoise. Don chéad uair ó bhí 1852 ann, is féidir le cuairteoirí lán a súl a bhaint as saothar Cooley agus as an solas iontach úd a bhíonn ag lonradh thart faoi na colúin laistigh den Halla. Rinneadh an chloch Portland a ghlanadh go cáiréiseach, laistigh agus lasmuigh den Halla. I gcás gur theastaigh cloch nua, ordaíodh í ón gcairéal in Dorset as ar baineadh an chloch a d’úsáid lucht tógtha an Mhalartáin an chéad lá riamh. Tá an Cruinneachán ar cheann de na gnéithe is suaithinsí sa Rotunda, agus rinneadh é a athchóiriú agus a mhaisiú le hórdhuille. Bhí na staighrí breátha cloiche tar éis ligean fúthu beagán , ach rinneadh iad a athchóiriú de réir na stíle starrmhaide inar dearadh iad i dtosach. Ar 6 Meán Fómhair 2000, tugadh cead isteach don phobal sa Halla Cathrach nuachóirithe agus moladh go mór an obair a bhí déanta.
Tá roinnt gnéithe den Rotunda a bhaineann le tréimhse níos déanaí, gnéithe a thaitníonn go mór leo siúd a thugann cuairt ar Halla na Cathrach. Ina measc sin tá sraith de mhúracha péinteáilte a rinne James Ward idir 1914 agus 1919. Ba chomhalta de chuid Scoil Ealaíne na Cathrach é Ward. Léiríonn na múracha eachtraí de chuid stair Bhaile Átha Cliath agus tá siad ar an bhfíorbheagán saothar atá againn a bhaineann leis an nGluaiseacht Ealaíon agus Ceardaíochta in Éirinn. Ba iad muintir Gaskin Bhaile Átha Cliath a rinne an clog mór gona uimhreacha Rómhánacha. Ba sa bhliain 1871 a rinneadh é agus tá sé ina mhacasamhail de chlog a bhí seal sa Mhalartán Ríoga. Ba sa bhliain 1898 a leagadh síos an t-urlár marmair faoi bhun an chruinneacháin de réir dhearadh Ailtire na Cathrach, Charles J. McCarthy. Tá mósáic chruinn san urlár ar a bhfuil Armas Chathair Bhaile Cliath. Is deas mar a oireann an Rotunda mar ionad taispeántais do shaothar dealbhóireachta. Is í an dealbh is sine dá bhfuil ann ná dealbh den Dr Charles Lucas a rinneadh sa bhliain 1772. Ba chomhalta de chuid Thionól Chathair Bhaile Átha Cliath é seo a sheas an fód i gcónaí do chearta na cathrach. Ba é seo an chéad saothar coimisiúnaithe a rinne Edward Smyth riamh, fear a chuir saothair mhóra dhealbhóireachta ar fáil níos faide anonn. Ina measc sin tá na Cinn Abhann clúiteacha úd atá greanta i dTeach an Chustaim, foirgneamh a dhear James Gandon. Ag bun an staighre thiar tá dealbh a rinne Francis Chantrey den fhear óráide agus parlaiminte úd Henry Grattan. Is le John Hogan na trí dhealbh eile atá ann. Maidir leis an dealbh ollmhór de Dhónall Ó Conaill, a bhfuil airde 18 troigh ann, ba é a bhí i gceist i dtosach báire ná gur taobh amuigh den Halla a bheadh sé. Tá an plionta eibhir a raibh an dealbh le socrú air le feiceáil go dtí an lá seo féin. Ba é Ó Conaill an Fuascailteoir, an té a bhain Fuascailt na gCaitliceach amach sa bhliain 1829, agus ceapadh é ina Ardmhéara ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1841. Trasna uaidh sin tá Thomas Drummond, a bhí ina Fho-Rúnaí ar Éirinn le linn na 1830í. Ba é seo an duine a chuir atheagar ar na póilíní, a thionscnaigh an córas iarnróid in Éirinn agus a chuir deireadh le córas conspóideach na nDeachúna, córas a ghoill go mór ar fheirmeoirí na tíre. Cheap sé lampa chomh maith, a bhí ina chabhair mhór ag lucht loingis in aimsir cheomhar smúitiúil, agus is mar gheall air sin atá teach solais le feiceáil ag bun na deilbhe. Is é Thomas Davis an duine deireanach sa chomhluadar seo, tírghráthóir agus file a bhunaigh an nuachtán úd The Nation. Spreag a amhráin “A Nation Once Again” agus “The West’s Awake”, athbheochan náisiúnachas Éireannach agus tá tóir orthu fós.
Le linn do Halla na Cathrach a bheith á athchóiriú, cuireadh caoi ar na boghtaí atá ar leibhéal íochtarach na talún. Theastaigh neart oibre chun an tseoid ailtireachta seo a athnochtadh. Bhí ballaí inmheánacha le baint amach, áirsí brící le deisiú agus brat nua de aolphlastar le cur ar na ballaí. Is sna boghtaí seo a bhíonn an taispeántas ilmheánach Halla na Cathrach Baile Átha Cliath: Scéal na Príomhchathrach ar siúl. Insítear stair phríomhchathair na hÉireann sa taispeántas seo, ón aimsir roimh an ionradh Angla-Normannach sa bhliain 1170 go dtí an lá inniu. Scéal is ea é mar gheall ar rialú na cathrach agus ar na hathruithe a thagadh ar an gcóras rialaithe le linn na mílaoise seo a chuaigh thart, ar an iliomad smaointe ón taobh amuigh a ndearnamar ár gcuid féin díobh. D’fhonn an scéal sin a insint cuireadh go leor leor déantús ríluachmhar ar taispeáint, agus lámhcríbhinní a breacadh síos sna meánaoiseanna. Anuas air sin, cuirtear eolas ar fáil go hidirghníomhach le ríomhairí, le sean-scannáin chartlainne, le mionsamhlacha agus le héadaí. Tá saothair nua-ealaíne ann freisin, a coimisiúnaíodh ar son an taispeántais seo.