In English
Is é is aidhm don Pholasaí Forbartha agus Sealbhaithe Bailiúchán go gcinnteofar go ndéanfaidh Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath freastal ar "riachtanais fhorleathana mhuintir Bhaile Átha Cliath agus a chuairteoirí, i dtaca le soláthar eolais, oideachas, taighde, fóillíocht agus cultúr de, trí straitéisí a chur i bhfeidhm arb é an toradh a bheidh orthu bailiúcháin thagartha agus iasachta a shealbhú, agus a chaomhnú ar bhonn éifeachtach, agus iad sin a phoibliú agus a bhainistiú."
(Leabharlanna Poiblí/Seirbhísí Eolais & Cartlanna Cathrach Bhardas Bhaile Átha Cliath An Clár Forbartha 1996 - 2001)
Polasaí
Sealbhóidh Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath ábhar ardchaighdeáin as gach réimse eolais agus é sin i bhformáidí iléagsúla de réir a n-acmhainne ceannaigh. I measc an ábhair, beidh leabhair, léarscáileanna, lámhscríbhinní, grianghraif, priontaí, paimfléid, cláir, póstaeir, páipéir ghnó agus ghairme, páipéir pholaitiúla agus páipéir eastáit, mar aon le gach ábhar neamhchlóite de réir mar atá nó mar a bheidh siad feasta. Díreofar aird ar leith ar ábhar faoi Bhaile Átha Cliath a shealbhú agus ar ábhar le muintir Bhaile Átha Cliath, agus ar ábhar tagartha ginearálta agus ábhair iasachta, lena n-áireofar faisnéis bhreacshaolach agus faisnéis phoiblí a bhaineann le freastal ar riachtanais mhuintir Bhaile Átha Cliath maidir le soláthar eolais, oideachas agus fóillíocht.
Bainfidh Leabharlanna Bhaile Átha Cliath leas as comharscéimeanna iasachtaí, nuair is cuí sin, amhail An Scéim Chomhpháirteach chun Ficsean a Áirithiú in Éirinn agus as scéimeanna náisiúnta agus idirnáisiúnta iasachtaí idir leabharlanna chun freastal ar iarratais ar ábhar atá as dáta agus as cló nó ar ábhar sainspéise.
Sealbhóidh Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath ábhair de réir na gcritéar sainaitheanta seo a leanas chun na cuspóirí seo a bhaint amach.
Critéir Roghnóireachta
Cuirfidh foirne na leabharlann aon cheann de na critéir seo a leanas nó iad uile i bhfeidhm maidir le gach ábhar atá le ceannach a roghnú:
- Eolas agus breithiúnas gairmiúil
- Clú, údarás agus cumas an údair nó an fhoilsitheora
- Fiúntas liteartha
- Cruinneas, soiléire an eolais nó a chur i láthair
- Léirmheasanna foilsithe, litríocht trádála agus aird léirmheastóirí
- Luach ar an airgead
- Costas sealbhaithe in aghaidh é a fháil ar iasacht ó fhoinsí eile
- Chomh feiliúnach atá an t-ábhar agus an teilgean atá ann ó thaobh úsáid leabharlainne de
- Cur le luach sainbhailiúchán
- Sainmhíreanna cuí do Bhailiúcháin Bhaile Átha Cliath agus an Léinn Éireannaigh
Sealbhú trí Dheonachán nó Thabhartas
Fáiltíonn Leabharlanna Poiblí Bhaile Átha Cliath roimh spéis agus tacaíocht ón bpobal trí dheonachán nó thabhartas i bhfoirm airgid nó ábhair.
Bainfear úsáid as na critéir sin maidir leis an ábhar sin atá le roghnú nó le ceannach a shealbhú i gcás deonachán/tabhartas ábhar. Déanfar athbhreithniú ar aon ábhar a thairgfear ar an mbonn sin. Forchoimeádann Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath an ceart acu féin aon deonacháin/tabhartais a dhiúltú agus forchoimeádann siad an ceart acu féin diúscairt gach deonacháin agus gach tabhartais a fuarthas a chinneadh ar mhaithe le húsáideoirí leabharlainne.