In English
Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath
138 – 144 Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
Fáilte go Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as do chuairt anseo. Iarraimid ort cúpla nóiméad a chaitheamh agus na Téarmaí Ballraíochta a léamh atá agat anseo. Ceapadh iad lena chinntiú go mbainfidh gach léitheoir an tairbhe is mó is féidir as an gcuairt acu. Tá na Téarmaí Ballraíochta ag teacht le Cairt Cúram Custaiméirí agus Cód Iompair Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath atá ar taispeáint sa Seomra Léitheoireachta, agus le Rialacháin Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath atá le fáil ach iad a iarraidh.
Tabhair faoi deara, le do thoil, gur féidir sainchomhairliúchán a dhéanamh le ceachtar den Chartlannaí Chathair Bhaile Átha Cliath nó den Leabharlannaí Roinne, Bailiúcháin Bhaile Átha Cliath agus an Léinn Éireannaigh ach coinne a dhéanamh leo roimh ré.
Téarmaí Ballraíochta
- Tá an Seomra Léitheoireachta oscailte do gach uile léitheoir a bhfuil Cárta Taighde reatha ina s(h)eilbh aige/aici. Eisíonn Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath an Cárta Taighde seo agus is féidir le gach páirtí ar mian leis/léi teacht ar bhailiúcháin Leabharlann agus Cartlann Bhaile Átha Cliath é sin a fháil ach iarratas a dhéanamh.
- Ní cheadaítear aon ábhar leabharlainne ná cartlainne a fháil ar iasacht nó ní cheadaítear do léitheoirí an t-ábhar sin a aistriú ón Seomra Léitheoireachta. Tá cead ag léitheoirí teacht ar bhailiúcháin ach foirm iarratais ón Deasc Eisiúna sa Seomra Léitheoireachta a chomhlánú. Tabharfar aon mhír a iarrfar chuig an mbord ainmnithe.
- Is cóir do léitheoirí a thabhairt faoi deara go bhfuil córas i bhfeidhm don iarratas deireanach sa lá oibre ar ábhar a fháil. Moltar duit míreanna a iarraidh go luath le nach mbeidh díomá ort. Is féidir réamhiarratais a dhéanamh. Gheobhaidh tú na sonraí cuí ag an Deasc Eisiúna sa Seomra Léitheoireachta.
- Tá ceangal ar léitheoirí cúram na míreanna a eiseofar dóibh a chur orthu féin, iad a choinneáil slán le linn a n-úsáide, agus iad a thabhairt ar ais chuig an Deasc Eisiúna sa Seomra Léitheoireachta nuair a bheidh siad críochnaithe leo.
- Ó tharla go bhfuil ábhair leabharlainne agus cartlainne chomh híogair sin, agus ó tharla gur annamh is féidir iad a athsholáthar, iarrtar ar léitheoirí gan scríobh orthu, gan luí orthu, agus gan aon rud a chur ar a mbarr. Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath Iúil 2004 Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath.
- Iarrtar ar léitheoirí nótaí a scríobh le peann luaidhe amháin, nó nótaí a ghlacadh trí ríomhaire glúine a úsáid. Tá peann luaidhe le fáil ón Deasc Eisiúna sa Seomra Léitheoireachta má theastaíonn sin uait, agus tá foinse cumhachta do ríomhairí ag gach bord, áit a bhfaighidh tú lasc chun solas do bhoird a chur air.
- Is cóir labhairt a laghad is féidir le nach gcuirfidh tú isteach ar léitheoirí eile, agus is cóir gutháin phóca agus glaoirí a bhalbhú.
- Caithfear iarratais chun ábhair leabharlainne agus cartlainne a fháil fótachóipeáilte a chur i scríbhinn faoi bhráid na leabharlainne. Gheobhaidh tú an fhoirm ordaithe fótachóipeanna ón Deasc Eisiúna sa Seomra Léitheoireachta. Is den riachtanas é sin a chomhlánú de réir dhlí an chóipchirt. Ina ainneoin sin, forchoimeádann an leabharlann an ceart aici féin fótachóipeáil míreanna a dhiúltú más rud é gur dócha go ndéanfar dochar do leabhair nó do mhíreanna cartlainne. Caithfidh an léitheoir cead a iarraidh agus a fháil i scríbhinn ón sealbhóir cuí cóipchirt chun ábhair faoi chóipcheart a atáirgeadh nó a fhoilsiú. Ní cheadaítear do léitheoirí ceamaraí, scanóirí nó aon ghléas pearsanta cóipeála eile dá gcuid féin a úsáid sa Seomra Léitheoireachta mar gheall ar dhlí an chóipchirt.
- Tá Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath lonnaithe i bhfoirgneamh gan cead caite tobac ar fud na háite, agus i gCaife na Léitheoirí agus sna Leithris freisin. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil toitbhrathadóirí i bhfeidhm ar fud an fhoirgnimh. Ní cheadaítear bia ná deoch a thabhairt isteach sa Seomra Léitheoireachta.
- Forchoimeádann Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath an ceart acu féin na Téarmaí Ballraíochta thuas a leasú, a athrú nó cur leo in aon tráth. Cuirfear fógra faoi aon leasú, athrú nó breisiú den chineál sin ar taispeáint sa Seomra Léitheoireachta agus measfar go mbeidh ceangal ar gach uile léitheoir dá réir sin.