Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

Seirbhís gan Sreang (Wi-Fi) agus Leathanbhanda gan táille

In English

Gabh ar líne sa leabharlann áitiúil

Wi-FiIs féidir an tSeirbhís gan Sreang agus Leathanbhanda a úsáid i ngach brainse de chuid Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath.

Is trí leathanbhanda is féidir le ríomhaire nó le ríomhaire glúine eolas agus sonraí a sheoladh agus a fáil ar luas an-tapa. Tá an córas leathanbhanda níos iontaofa agus níos láidre ná an tseirbhís diailithe (i.e. gnáth líne theileafóin) chun dul ar an Idirlíon.
Tugtar leathanbhanda air mar go bhfuil sé in ann i bhfad níos mó sonraí a ghlacadh agus a sheoladh.

Is é an bhrí atá le ‘gan sreang’ gur teicneolaíocht í a chuireann ar chumas dhá ríomhaire nó níos mó bheith i gcumarsáid lena chéile gan cháblú líonra (LANS gan sreang a thugtar air sin uaireanta).

Tá bunús na ríomhairí nua réitithe le hoibriú gan sreang, is é sin go bhfuil cártaí gan sreang iontu. Mura bhfuil tú cinnte den ríomhaire, seiceáil leis an dream a sholáthair duit é.
Mura bhfuil cárta gan sreang i do ríomhaire glúine is féidir leat ceann a cheannach ó dhíoltóir trealaimh ríomhaireachta ar bith.

Chun eolas a fháil faoin dóigh le seiceáil an bhfuil cárta inmheánach gan sreang  i do ríomhaire glúine, íoschóipeáil na treoracha seo a leanas:

Seirbhís gan Sreang (Wi-Fi)  (as Bearla)

Tá Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath ag cur na seirbhíse seo ar fáil duit saor ó tháille trí sholáthar ó bhuiséad Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus trí dheontas i gcabhair a fuarthas mar thacaíocht ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil mar chuid den tionscadal "Changing Libraries".

Tabhair faoi deara le do thoil nach mór d’úsáideoirí na seirbhíse saor ó tháille seo cloí le Polasaí an DCPL i dtaobh Úsáid Inghlactha a Bhaint as an Idirlíon.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Córais agus Seirbhísí TEC
Teil. 674 4800
r-phost librariesit@dublincity.ie