Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

Seirbhís Cheol PAL

In English

Bíonn teacht níos fearr ag daoine ar bhailiúcháin Leabharlann Ceoil mar gheall ar Sheirbhís Cheol PAL.

Is scéim chomhoibríoch idir leabharlanna ceoil í seirbhís Cheol PAL chun go mbeidh teacht níos fearr ag baill leabharlainne ar bhailiúcháin cheoil eile le gur dóichí go bhfaighidh siad an t-eolas atá uathu. Tá cárta rochtana de dhíth le haghaidh na seirbhíse agus is féidir iarratas a dhéanamh air i Leabharlann Cheoil na Lárleabharlainne agus i leabharlanna ceoil eile. Tá an t-eolas iomlán ar fáil ar an suíomh gréasáin, library.ie.

Cad é an rud é Seirbhís Cheol PAL?

Is é an aidhm atá ag Seirbhís Cheol PAL acmhainní ceoil i réimse leathan de leabharlanna ar fud na hÉireann a chur ar fáil go furasta do gach duine. Bíonn leabharlanna agus cartlanna ar baill iad de scéim Cheol PAL ag obair i gcomhar lena chéile chun go gcuirfear an saibhreas d’acmhainní ceoil, a choinnítear ina gcuid bailiúchán, ar fáil go furasta do gach duine.

Tá Seirbhís Cheol PAL ina cuid den chlár ‘Conairí Foghlama' a bhunaigh an Coiste um Chomhoibriú idir Leabharlanna in Éirinn (COLICO), a bhfuil sé mar aidhm aige réimse leathan de bhailiúcháin i leabharlanna agus i gcartlanna náisiúnta, acadúla, poiblí agus speisialta a chur ar fáil chun go mbeidh bealach slánleanúnach ann chuig acmhainní faisnéise.  Táthar ag súil go n-úsáidfear bunachar sonraí RASCAL (Taighde agus Bailiúcháin Speisialta atá ar fáil ar bhonn Áitiúil) chun gléas éifeachtach a chruthú a aimseoidh acmhainní i mbailiúcháin cheoil.

Conas is féidir le Seirbhís Cheol PAL cabhrú le húsáideoirí leabharlainne?

Má tú ag gabháil do chúrsa aitheanta oideachais, do chlár foghlama aonair, nó má tá tú ag gabháil d’ábhar a bhfuil spéis ar leith agat féin ann, is féidir leat Cárta Rochtana Sheirbhís Cheol PAL a iarraidh ag an leabharlann a mbaineann úsáid rialta aisti. Is leis an gCárta Rochtana a bheidh tú in ann cuairt a thabhairt ar shaoráidí i leabharlann ar bith, ar ball í de scéim Cheol PAL, agus iad a úsáid (ach sin a bheith faoi choinníollacha áirithe). Beidh tú ábalta comhairle agus eolas a fháil ó do leabharlann féin faoi cé acu leabharlann sa scéim is dócha a bheidh na hacmhainní aici chun an t-ábhar foghlama nó an t-eolas atá uait a sholáthar duit.

Cad chuige a bhfuil Cárta Rochtana de dhíth ar dhaoine atá ag iarraidh an scéim a úsáid?

Níl a lán de na leabharlanna sa scéim ar oscailt de ghnáth don ghnáthphobal, ós rud é gur leabharlanna iad atá ann go príomha do chomhaltaí in institiúidí ar leith. Cuirfidh Cárta Rochtana Sheirbhís Cheol PAL in iúl d'fhoireann na leabharlainne a mbeidh tú ag tabhairt cuairte uirthi gur fíor fhoghlaimeoir thú agus nach féidir le do leabharlann féin an fhaisnéis speisialta atá uait a sholáthar duit.

An leibhéal rochtana a thugann an cárta seo duit

Déanfaidh an leabharlann a ndéanfaidh tú cuairt uirthi cinneadh ar an leibhéal rochtana a thabharfar duit. Ar a laghad, tabharfar céad duit breathnú ar an ábhar priontáilte. De ghnáth ní féidir na hacmhainní leictreonacha a úsáid i leabharlanna acadúla mura mac léinn de chuid na hinstitiúide sin thú, mar gheall ar chomhaontuithe ceadúnais. Míneoidh an leabharlann sin duit agus freagróidh sí do chuid ceisteanna.

Conas a gheobhaidh mé Cárta Rochtana Sheirbhís Cheol PAL?

Tá sé an-simplí:

  • Pléigh an staidéar atá ar siúl agat agus an t-eolas atá uait le foireann na Leabharlainne Cheoil sa leabharlann.
  • Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais le haghaidh Sheirbhís Cheol PAL, atá ar fáil sa Leabharlann Cheoil nó ag http://www.library.ie/pal/, agus tabhair don fhoireann i do leabharlann féin í agus tabhair cruthúnas gur ball den leabharlann thú.
  • Gabh chuig an leabharlann nó chuig na leabharlanna ina bhfuil an t-ábhar atá de dhíth ort agus taispeáin do Cárta Rochtana Sheirbhís Cheol PAL.

Cé na leabharlanna a bheidh mé ábalta a úsáid?

I measc na leabharlann ar baill iad tá leabharlanna poiblí, leabharlanna in ollscoileanna, in acadaimh cheoil agus roinn leabharlann speisialta a bhfuil bailiúcháin cheoil acu. Chun an liosta iomlán a fheiceáil de na leabharlanna atá páirteach gabh chuig http://www.library.ie/pal/.

Seiceáil sula rachaidh tú chuig an áit chun a chinntiú nach turas amú é. Is cóir na hamanna oscailte a sheiceáil. Féadfaidh na rialacha i leabharlann ar bith bheith difriúil leis na rialacha i do leabharlann féin; cloígh leo le do thoil.

Ná déan dearmad … má tá leabhar ar leith de dhíth ort, is féidir é a fháil duit tríd an gcóras Iasachtaí Idirleabharlainne agus féadfaidh sé nach mbeidh ort taisteal chuig leabharlann eile.

(Is ó bhileog eolais Sheirbhís Cheol PAL Lúnasa 2009 a fuarthas an t-eolas seo.)

For more information

http://www.library.ie/pal/

Leabharlann Cheoil na Lárleabharlainne: Teil. 01 8734333, r-phost musiclibrary@dublincity.ie