Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

Bronnann Ambasáid na Bulgáire na húrscéalta is fearr de chuid na Bulgáire

In English

Bronnann Ambasáid na Bulgáire na húrscéalta is fearr de chuid na Bulgáire ar an Lárleabharlann le haghaidh an Bhailiúcháin de Leabhair an Domhain.

Bhronn Ambasadóir na Bulgáire, an tUasal Emil Yalnazov, rogha den chuid is fearr de litríocht na Bulgáire ar Ardmhéara Bhaile Átha Cliath ag searmanas sa Lárleabharlann.

Is iad na saothair sin a fuair na vótaí is mó i suirbhé a rinneadh ar na leabhair is fearr le léamh sa Bhulgáir. Is í Teilifís Náisiúnta na Bulgáire a d’eagraigh an suirbhé i gcomhar leis an BBC agus bhí breis agus trian den phobal páirteach ann. Is ar line, ar an teileafón, le téacs agus tríd an ngnáthphost a rinneadh an vótáil.

Cuirfear na leabhair sin isteach i mbailiúchán de Leabhair an Domhain sa Lárleabharlann chun go mbeidh cairde na Bulgáire agus pobal na Bulgáire in Éirinn in ann iad a léamh. Is trí Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath a bheidh léitheoirí i mBaile Átha Cliath ábalta leabhair a fháil ón mbailiúchán agus is tríd an suíomh gréasáin Borrowbooks.ie nó tríd an gcóras Iasachtaí Idirleabharlainne a bheidh léitheoirí ar fud na tíre in ann sin a dhéanamh.

Seo iad na leabhair de réir an méid vótaí a fuair siad ón mbarr anuas:

  1. 'Under the Yoke' le Ivan Vazov
    Tugtar Uasalathair Litríocht na Bulgáire ar Ivan Vazov nó meastar gurb é an t-údar Bulgárach is mó saothar agus is mó tionchar. Sa leabhar seo, a measann a lán é a bheith ar an úrscéal Bulgárach is fearr riamh, insítear scéal athbheochan an chomhfheasa náisiúnta faoi riail na nOtománach agus na n-ullmhúchán i gcomhair Éirí Amach Aibreán 1876. 
  2. 'Vreme Razdelno' ('Tráth an Fhoréigin') le Anton Donchev
    San úrscéal seo pléitear leis an tréimhse san 16ú agus sa 17ú haois nuair a tugadh ar Chríostaithe Shléibhte Rhodope le lámh láidir iompú ina Moslamaigh. Is finscéal fileata tragóide é ina bpléitear ceisteanna a bhaineann le creideamh, le luachanna, le féiniúlacht agus leis an gcaoi a bhfreagraíonn daoine don éigeandáil nuair is gá roghnú idir onóir, umhlaíocht agus maireachtáil.
  3. 'Osadeni Dushi' (Anamacha Oidhiúla) le Dimitar Dimov
    Tá sé seo i measc na n-úrscéalta de chuid na Bulgáire ar aistríodh go Béarla iad agus a mbíonn an-tóir ag daoine orthu. Déantar cur síos ann ar conas is féidir le coimhlint a bhaineann le creideamh agus le cultúr tús a chur le próiseas féinscriosta.  Tá an scéal dírithe ar Íosánach Spáinneach agus bean uasal Shasanach i rith thréimhse Chogadh Cathartha na Spáinne agus iad i gcaidreamh paiseanta oidhiúil lena chéile.
  4. ‘Tyutyun’ ('Tobac') Imleabhair 1 agus 2 le Dimitar Dimov
    San úrscéal dhá imleabhar seo tá cur síos ar na coimhlintí sóisialta agus polaitíochta idir dhá ghrúpa sa Bhulgáir ó na luath-1930í go dtí deireadh an Dara Cogadh Domhanda. Is ó thaobh bhean trófaí úinéir na monarchan a insítear an scéal agus í ag streachailt léi chun tuiscint a fháil ar a fear céile agus ar an tsochaí ina bhfuil a shaol fréamhaithe.
  5. 'Zheleznia svetilnik' ('Coinnleoir Miotail') le Dimitar Talev
    Is í seo an chéad chuid d’úrscéal 4 imleabhar ina bhfuil cur síos ar shaol gnáth-theaghlach Bulgárach i dtréimhse choimpléascach staire go mall sa 19 haois nuair a bhí luachanna morálta traidisiúnta agus caidrimh teaghlaigh ag dul i adharca le dinimic shóisialta nua na sochaí caipitlíche.

For more information

An Lárleabharlann, Lárionad ILAC, Sráid Anraí, Baile Átha Cliath 1
Teileafón: + 353 1 8734333
R-phost: centrallibrary@dublincity.ie