Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

Liosta Leabhair as Gaeilge (2008)

Mar chuid den chlár imeachtaí le haghaidh Seanchtain na Gaeilge 2008 a reachtáil Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath mhol an scríbhneoir Anna Heussaff liosta léitheoireachta de Le bhair Ghaeilge. Tá meascán maith leabhar ann a thaitníodh le chuile dhuine. Fiscscean agus neamhfhicsean, úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, leabhar taistil. Tá leabhar dhátheangacha ar an liosta seo freisin.

Tá na leabhar seo go léir ar fáil i gCatalóg Leabharlainne Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá réimse leabhar sa liosta anseo thíos: úrscéalta, gearrscéalta, filíocht agus leabhair neamhfhicsean; leabhair do léitheoirí ar ardchaighdeán Gaeilge agus leabhair dóibh siúd ar mheánchaighdeán; leabhair fhada agus leabhair ghearra; cúpla leabhar dhátheangach; leabhair le húdair ó gach cearn den tír, agus an Ghaeltacht san áireamh.

Tá duaiseanna bainte amach ag go leor de na leabhair.

Sobalsaol le Pádraig Standún

Úrscéal beoga comhaimseartha. Coimhlintí pearsanta an tsaoil mar a bheadh sobaldráma teilifíse. An deichiú saothar ón údar cáiliúil, sagartis gníomhaí as Maigh Eo. Gaeilge nádúrtha, sholéite. 224 lch.
Cló Iar-Chonnachta

Lámh LáidirLámh Láidir le Joe Steve Ó Neachtain

Úrscéal faoi chaidrimh is faoi fhoréigean i saol Chonamara le 60 bliana. An-cháil ar an údar as drámaí, gearrscéalta is tuilleadh. As Conamara é, aithne air ar Ros na Rún TG4. Gaeilge shaibhir - dúshlánach is soléite. 476 lch.
CIC 2005

An Tionscadal le Tomás Mac Síomóin

Fabhalscéal faoi phobal i sléibhte na Catalóine a fuair rún na síoróige. Cáil ar an údar as a chuid filíochta, gearrscéalta is úrscéalta. As Baile Átha Cliath don údar, cónaí air anois sa Chatalóin. Gaeilge liteartha sholéite. 208 lch.
Coiscéim 2007

Dá mbíodh ruball ar an éan? le Mac Grianna, Seosamh

Is é atá ann ná portráid den ealaíontóir i ngleic leis an saol thart air agus, go háirithe lena aigne féin. Tá téamaí éagsúla ann an t-uaigneas, an choimhlint, an fhírinne, an pholaitíocht, an díomas, an dímheas, an aonaracht agus an éiginnteacht. Tá an scéal seo críochnaithe ag Mac Lochlainn san chéád leabhar eile Ruball an Éin.
An Gúm 1992

Ruball an Éin le Antain Mac Lochlainn

D’fhág Seosamh Mac Grianna a úrscéal ‘Dá mBíodh Ruball ar an Éan’ gan chriochnú i 1935; tá athshamhlú déanta ag Mac Lochlainn ar an scéal, faoi chomhcheilg polaitíochta, anois. An chéad úrscéal ón údar as Co. Dhoire atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. 67 lch.
CIC 2005

Ar Dheisiúr na Gréine le Cliodhna Cussen

Úrscéal grá, lonnaithe in Ard Mhacha le linn thréimhse chorraithe 1745. Cúlra na staire le tragóid is le dóchas pearsanta. An chéad úrscéal ón údar a bhfuil mórchlú uirthi mar dhealbhadóir. Gaeilge shimplí, oiriúnach do léitheoirí bunlíofa. Thart ar 100 lch.
Coiscéim 2006

Cúpla FocalCúpla Focal le Anna Heussaff

Úrscéal grá is mistéire, suite le linn rang comhrá Gaeilge do dhaoine fásta, ina bhfuil léargas nua ar shaol ár linne.An tríú úrscéal ón údar, a tógadh is atá ina cónaí i mBaile Átha Cliath. Gaeilge shimplí, oiriúnach do léitheoirí bunlíofa. 144 lch.
Cois Life 2007

Gearrscéalta an Chéid le Gearóid Denvir (eag) agus Aisling Ní Dhonnchadha

Fiche cinn de na gearrscéalta Gaeilge ab fhearr ón 20ú céad, ón údar ar nós Pádraic Ó Conaire is Seosamh Mac Grianna go Alan Titley, Micheál Ó Conghaile agus Biddy Jenkinson. Gaeilge liteartha, idir shimplí is dhúshlánach. 282 lch.
CIC 2000

Aniar – Voices and Verses from the Edge of the World le Tadhg Mac Dhonnagáin (eag)

Véarsaíocht is dánta ón traidisiún Gaelach, ón gcianaimsir go dtí an lá inniu. Leabhar álainn le grian-ghrafanna ealaíonta agus CD ceoil. As Maigh Eo don eagarthóir, cónaí air i gConamara, cáil air mar cheoltóir is mar scríbhneoir. 100 lch.
Futa Fata 2007

Súil Saoir le Diarmuid Johnson

Filíocht atá bunaithe ar smaointe na linne seo agus ar éigse na sean-aimsire araon. Scoláire, ceoltóir agus file é an t-údar, a rugadh sa Bhreatain Bheag, a chaith blianta i gConamara agus atá lonnaithe sa Pholainn inniu. 117 lch.
CIC 2004

Ádh MórÁdh Mór le Colette Nic Aodha

An chéad chnuasach gearrscéalta ón údar a fuair aitheantas cheana mar fhile, i nGaeilge is i mBéarla araon. Scéalta faoi shonas is donas i gcaidrimh an ghnáthshaoil. Gaeilge shimplí, sholéite. 120 lch.
Coiscéim 2004

Fiacha Fola le Celia de Fréine

Sraith dánta faoi scannal an Heipitítis C – leanúnachas scéalaíochta idir na dánta faoi ghrá is saol teaghlaigh, faoi thinneas is faoi éagóir. Cáil ar an údar mar dhrámadóir is mar fhile, i nGaeilge is i mBéarla araon. 88 lch.
CIC 2004

An Bóthar go Santiago le Mícheál de Barra

Dialann phearsanta agus treoirleabhar taistil, a thugann cur síos ealaíonta is anamúil ar an tsiúlóid oilithreachta 900 ciliméadar go Santiago de Compostela. Grianghrafanna is cairteanna mar aon leis an téacs. An chéad leabhar ón údar, arb as Co. an Chláir é agus cónaí air i gCo. Chill Dara. 300 lch.
Cois Life 2007

Bibeanna – Memories from a corner of Ireland le Brenda Ní Shúilleabháin (eag)

Leabhar dhátheangach a ghaibh le sraith teilifíse TG4. Cúigear ban is fiche ó Chorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí ag cur síos ar a saol, ón tseanaimsir chrua go rachmas an lae inniu. Bua na cainte, géarchúis agus grá don ghreann is don áthas. As Corca Dhuibhne don eagarthóir, léiritheoir teilifíse agus iarphríomhoide i mBaile Átha Cliath. 349 lch.
Mercier Press 2007

Ar an bPeannAr an bPeann le Liam Ó Muirthile

Cnuasach altanna a foilsíodh ar dtús i gcolún an scríbhneora iomráitigh san Irish Times 1997-2003. Greann is géarchúis, léann is grinntuiscint ar mhioncheisteanna is ar mhór-dhúshláin an tsaoil. File is drámadóir clúiteach é an t-údar, a tógadh i gCorcaigh is atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. 228 lch.
Cois Life 2006

Dúirt Bean Liom le Máire Ní Néill (eag)

Dáréag ban faoi agallamh: polaiteoirí, scríbhneoirí, ealaíontóirí, ceoltóirí, ina measc, triúr údar ar an liosta seo, Celia de Fréine, Cliodhna Cussen agus Anna Heussaff. Taithí saoil, dúshláin baile is oibre, ábhar machnaimh is misnigh. As Baile Átha Cliath don eagarthóir agus tá sí lonnaithe sa chathair inniu. 160 lch.
Coiscéim 2007

Liosta Leabhar as Gaeilge 2008 PDF (PDF, 896kb)