Tabhair Faoi Deara Le Do Thoil
Tá Seirbhís Leabharlainne Poiblí le fáil anios in Ionad Cathartha Bhaile Formaid, Bóthar Bhaile Formaid go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Uaireanta: Luan – Sath 10.00am go 5.00pm
Le haghaidh eolais agus athnuachana:
Teil 01-626 9324
R-phost ballyfermotlibrary@dublincity.ie
Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag tnúth go mór le hathoscailt leabharlann bhrainse athchóirithe Bhaile Formaid.
Is féidir le custaiméirí leabhair a fháil ar iasacht nó iad a thabhairt ar ais ag aon leabharlann bhrainse de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
An leabharlann brainse is cóngaraí:
Leabharlann Inse Chór, 34, Bóthar Emmet, Baile Átha Cliath 8.
Tel. +353 1 4533793
Chun faisnéis a fháil agus ábhar a athnuachan le linn dhúnadh na Leabharlainne:
Teil: 01 6269324
R-phost: ballyfermotlibrary@dublincity.ie
Gréasán: www.dublincitypubliclibraries.ie
Tionscadal Rochtana Leabharlann Bhaile Formaid – Na Ceisteanna is Minice a Chuirtear
Cén fáth ar cinneadh Leabharlann Bhaile Formaid a dhúnadh go sealadach?
Dúnadh an leabharlann chun go bhféadfaí oibreacha athsoláthair ar an dion agus athchóirithe gaolmhara a chur i gcrích.
Conas atá na hoibreacha á maoiniú?
Is ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil atá an deontas i gcabhair ag teacht le haghaidh na n-oibreacha agus is ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath atá an maoiniú breise ag teacht le haghaidh feistiú an fhoirgnimh.
Úsáidim féin Leabharlann Bhaile Formaid. Cá háit eile ar féidir liom seirbhísí leabharlainne a úsáid le linn don Leabharlann a bheith dúnta?
Le linn don Leabharlann a bheith dúnta beidh leabharlann shealadach ar oscailt ag Ionad Cathartha Bhaile Formaid, agus leanfaidh foireann na leabharlainne de bheith ag soláthar seirbhís éifeachtach leathan don phobal áitiúil agus do gach cliant eile a mbímid ag freastal orthu.
Coinneoidh an clár fógraíochta agus ionad faisnéise pobail eolas leis na cliaint faoi imeachtaí uile an cheantair áitiúil.
Beidh spásanna teoranta sa leabharlann ag Cnoc Pháircéir le haghaidh staidéir. Más mian le mic léinn spásanna staidéir a bheith acu, is féidir leo leabharlanna eile a úsáid sa líonra brainsí. Tá Leabharlann Inse Chór an leabharlann brainse is cóngaraí do Leabharlann Bhaile Formaid.
Bain úsáid as Google Maps chun áitreabh sealadach a aimsiú.
Cad é atáthar ag beartú a dhéanamh le stoc Leabharlann Bhaile Formaid?
Táthar i ndiaidh an stoc, nach mbeidh in úsáid faoi láthair sa leabharlann shealadach, a phacáil agus a stóráil go cúramach.
Conas a gheobhaidh mé an t-eolas is déanaí faoi cad é atá ag tarlú ?
Cuirfear an nuacht is déanaí faoin tionscadal go rialta ar shuíomh gréasáin Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath. Beidh tú ábalta muid a aimsiú ar Facebook chomh maith – http://on.fb.me/dubcilib
Cén fáth ar roghnaíodh Ionad Cathartha Bhaile Formaid mar áit le haghaidh leabharlann shealadach?
Roghnaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Ionad Cathartha Bhaile Formaid mar áit le haghaidh leabharlann shealadach de bhrí gurb ann a bhí an t-aonad ab oiriúnaí ba cóngaraí lena úsáid go ceann gearrthréimhse agus é laistigh den bhuiséad a bhí ar fáil. Bhí orainn foirgneamh a aimsiú a bhí suite in áit mhaith inrochtana i Ráth Maonais agus a bheadh ar fáil le linn don Leabharlann a bheith dúnta, ar foirgneamh é a mbeadh na saoráidí ann a bheadh de dhíth ar leabharlann ghníomhach. Bhreathnaíomar ar chuid mhór foirgneamh, ach d’aithníomar gurbh í an áit ag Cnoc Pháircéir ab fhearr chun freastal ar ár gcuid riachtanas agus gurbh í an réiteach ab éifeachtaí ó thaobh costas.
Cathain a hathosclófar Leabharlann Bhaile Formaid?
Osclófar Leabharlann Bhaile Formaid athchóiríthe go nua in 2011.
An féidir le daoine den phobal guthaíocht a bheith acu sna pleananna?
Bá bhreá linn do thuairimí a fháil agus tú a bheith páirteach seo phróiseas sin.
Faisnéis faoi Thionscadal na nOibreacha:
Teil: 01 674 4833
Féach ar thorthaí oibreacha feabhsúcháin i leabharlanna brainse eile (Íomhánna le fáil ar ár leathanach flickr)!