In English
Tá 3 bhoth fhéinseirbhíse ar fáil i Leabharlann Ráth Maonais ó d’athoscail sí, a ligeann do chustaiméirí:
- Leabhair agus DVDanna a fháil ar iasacht , a athnuachan agus a thabhairt ar ais
- Teacht ar eolas cuntais
Cén fáth féinsheirbhís?
Tá sé mar aidhm againn go mbainfidh tú níos mó tairbhe as do chuairt ar an leabharlann mar beidh baill foirne na leabharlainne saor chun níos mó ama a chaitheamh leat go pearsanta.
Conas a oibríonn sé?
Baineann bothanna féinseirbhíse de chuid Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath úsáid as teicneolaíocht RFID (Athaint Radaimhinicíochta). Tá gach ní leabharlainne clibeáilte ina aonar agus is féidir leis na bothanna féinseirbhíse na clibeanna a léamh agus teicneolaíocht radaimhinicíochta a úsáid len iad a aithint.
An bhuil sé furasta len é a úsáid?
Tá, tá sé an- simplí ar fad na bothanna a úsáid; tá na treoracha léirithe le léaráidí scáileáin agus tá oibríocht scáileán tadhaill in úsáid. Chun leabhar a thógáil ar iasacht, ní gá ach:
- Brú ar an gcnaipe “Borrow” ar an scáileán
- Do chárta leabharlainne a scanadh
- Do leabhair a chur ar sheilf na botha
Sin an méid! Tá na leabhair eisithe ar do chárta
Má tá fadhb agam le húsáid na féinseirbhíse?
Ní bí buartha, ní gá ach cabhair a lorg ó dhuine den bhall foirne
Cá háit is féidir liom úsáid a bhaint as féinseirbhís?
Tá bothanna féinseirbhíse againn sna leabharlanna i bPeambróg, Ráth Maonais agus Ráth Eanaigh faoi láthair. Táthar ag súil le go dtabharfar isteach féinseirbhís i ngach brainse cathrach de réir a chéile.