Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

Fiction Matters, Feabhra 2010

In English

Fiction MattersTá Eagrán 16 de Fiction Matters, nuachtlitir Dhuais Litríochta Idirnáisiúnta IMPAC Bhaile Átha Cliath, anois ar fáil chun a íoschóipeáil ó shuíomh gréasáin na Duaise.

San eagrán seo tá liosta iomlán de na teidil atá incháilithe le haghaidh Dhuais 2010, agus tá eolas ar fáil ann faoi gach leabhar agus faoi gach údar. Lena chois sin tá eolas beathaisnéiseach ann faoi bhaill an phainéil mholtóireachta, liosta de na leabharlanna a bhí páirteach sa phróiseas ainmniúcháin, agus grianghraif agus míreanna den searmanas anuraidh inar fógraíodh an buaiteoir agus inar cuireadh in aithne don phobal é. Tá na leabharlanna a d’ainmnigh buaiteoir na bliana roimhe sin ann chomh maith.

Íoschóipeáil an nuachtlitir ó shuíomh na Duaise. Breathnaigh fosta ar gach eagrán eile de Fiction Matters ar líne.