TABHAIR DO D’AIRE LE DO THOIL go ndúnfar Leabharlann Ráth Maonais ar 5th Nollag 2009 chun go ndéanfar oibreacha feabhsúcháin.
Nua!: Sonraí do sheirbhís shealadach ó 25 Eanáir 2010.
De thoradh orthu beidh na nithe seo a leanas ann:
- Bealach isteach go hiomlán inrochtana
- Ardaitheoir chuig gach urlár
- Comharthaíocht níos fearr
- Cuntar nua
- Leithris phoiblí go hiomlán inrochtana
Beidh seirbhís shealadach leabharlainne ar fáil i gceantar Ráth Maonais.
Is oth le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an chiotaí a dhéanfar d’úsáideoirí leabharlainne agus tá sí ag tnúth go mór le seirbhís níos fearr a sholáthar i Leabharlann Ráth Maonais
Suirbhé ar líne d’Úsáideoirí Leabharlann Ráth Maonais
Is mian linn do chuid tuairimí i leith Leabharlann Ráth Maonais a chloisteáil uait. Tá tábhacht ag baint leo chun pleanáil a dhéanamh ar sheirbhísí leabharlainne amach anseo.
Glac cúpla nóiméad le do thoil chun ár suirbhé ar líne d’úsáideoirí Leabharlann Ráth Maonais a chomhlánú. Beidh gach freagra faoi rún. Go raibh maith agat.
Na leabharlanna brainse is cóngaraí:
Chun faisnéis a fháil agus ábhar a athnuachan le linn dhúnadh na Leabharlainne:
Teil: 01 497 3539
R-phost: rathmineslibrary@dublincity.ie
Gréasán: www.dublincitypubliclibraries.ie
Tionscadal Rochtana Leabharlann Ráth Maonais – Na Ceisteanna is Minice a Chuirtear
Cén fáth ar cinneadh Leabharlann Ráth Maonais a dhúnadh go sealadach?
Dúnadh an áit chun go ndéanfar oibreacha a chuirfidh an leabharlann in oiriúint do gach úsáideoir. Tá an tionscadal seo, chomh maith le dhá thionscadal rochtana eile den chineál céanna, ina chuid de phlean feidhmithe Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faoin Acht um Míchumas agus cuirfidh an Chomhairle i gcrích iad sa tréimhse 2009 – 2011. Mar gheall ar dhúnadh sealadach na Leabharlainne beidh sé níos fusa na hoibreacha sin a chríochnú agus is é an toradh a bheidh air sin go mbeidh leabharlann bhrainse de chuid an 21ú haois i Ráth Maonais ar féidir le muintir na háite bheith bródúil aisti agus í in oiriúint do gach úsáideoir.
Conas atá na hoibreacha á maoiniú?
Is ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil atá an deontas i gcabhair ag teacht le haghaidh na n-oibreacha agus is ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath atá an maoiniú breise ag teacht le haghaidh feistiú an fhoirgnimh.
Cén fáth ar gá an leabharlann a dhúnadh go ceann tréimhse fada?
Is déanmhas cosanta í an Leabharlann faoi fhorálacha an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt) 1999 agus breithnítear uirthi mar fhoirgneamh a bhfuil tábhacht náisiúnta leis. Tá dúshláin ar leith ag baint le hoiriúnú foirgnimh den chineál sin do gach úsáideoir, go háirithe nuair is gá cothromaíocht a fháil idir riachtanais na n-úsáideoirí agus an ceanglas gur cóir déileáil go cúramach leis an bhfoirgneamh. Ós rud é gur foirgneamh dhá urlár é agus íoslach faoi, ní mór forleathnú a chur leis ina mbeidh ardaitheoir a rachaidh suas chuig gach spás poiblí. Lena chois sin, is gá athchóiriú speisialta a dhéanamh ar ghnéithe den fhoirgneamh, agus orthu sin tá deisiú an dín, uasghrádú an chórais leictreachais agus an chórais mheicniúil agus feabhsú roinnt córas eile foirgníochta. Nuair a bheidh céim na foirgníochta críochnaithe déanfar an foirgneamh a fheistiú agus i measc na nithe a dhéanfar, beidh athchóiriú na n-urlár agus na staighrí atá ann, péinteáil agus maisiú na háite uile, ath-shuiteáil an troscáin agus na bhfeisteas athchóirithe, amhail boird na seomraí léitheoireachta agus seilfeanna. Déanfar sain-fheistiú ar an leabharlann agus cuimseoidh sin seilfeanna, troscán scaoilte agus saoráidí taispeántais agus léachtóireachta, agus cuirfear córas leabharlainne féinseirbhíse ar fáil fosta.
Is é an aidhm atá ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go ndéanfar athchóiriú íogair cúramach ar an bhfoirgneamh tábhachtach sin, ar baineadh a lán úsáide as, agus é a chur ar ais i mbuaic a ghlóire arís. Is cinnte go mairfidh an foirgneamh go ceann i bhfad mar gheall ar an dúnadh réasúnta gearrthréimhseach seo.
Bímid ag oiriúnú leabharlanna poiblí go leanúnach chun go mbeidh siad ag freastal ar éilimh na n-úsáideoirí. Le blianta beaga anuas tá luas na n-athruithe ag géarú mar gheall ar na forbairtí i dTeicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide agus iad ag cur réabhlóide ar bun sa dóigh a n-úsáideann daoine leabharlanna agus an teicneolaíocht atá iontu. Ar fud líonra na mbrainsí bhí ar bhainisteoirí agus ar bhaill foirne Leabharlann Chathair Bhaile Átha Cliath athsmaoineamh a dhéanamh ar conas ab fhéidir spás a úsáid chun go mbeadh áit ann do sheirbhísí éagsúla agus do thuilleadh seirbhísí. Is mór an difear idir réimse agus éagsúlacht na seirbhísí atá ar fáil le blianta beaga anuas agus na seirbhísí a samhlaíodh nuair a osclaíodh an foirgneamh den chéad uair in 1913. Tá Bainisteoirí na Leabharlainne ag obair i gcomhar le hAiltirí na Cathrach chun go ndéanfar athsmaoineamh ar conas a úsáidfear an foirgneamh, agus iad ag iarraidh an stoc a thaispeáint ar mhodh níos fearr agus spáis sholúbtha a chruthú inar féidir gníomhaíochtaí éagsúla a reáchtáil de réir mar a bheidh na héilimh ag athrú nó de réir éilimh na séasúr, chun go mbeidh an foirgneamh níos oiriúnaí do gach úsáideoir. Cuireadh na pleananna le haghaidh na leabharlainne trí roinnt próiseas éagsúil comhairliúcháin agus, ina measc, Próiseas Pleanála Chuid 8 agus próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi cheanglais an Achta um Míchumas. Sna míonna atá le teacht sula n-osclófar Leabharlann Ráth Maonais beidh babhta comhairliúcháin ar leith againn le grúpaí leasmhara agus cuirfear an t-eolas sin san áireamh nuair a dhéanfar feistiú na leabharlainne. Fógrófar sonraí an bhabhta comhairliúcháin ar shuíomh gréasáin na leabharlann agus conas is féidir leat do thuairim féin a thabhairt.
Úsáidim féin Leabharlann Ráth Maonais. Cá háit eile ar féidir liom seirbhísí leabharlainne a úsáid le linn don Leabharlann a bheith dúnta?
Le linn don Leabharlann a bheith dúnta beidh leabharlann shealadach ar oscailt ag Cnoc Pháircéir, Ráth Maonais, agus leanfaidh foireann na leabharlainne de bheith ag soláthar seirbhís éifeachtach leathan don phobal áitiúil agus do gach cliant eile a mbímid ag freastal orthu.
Beidh timpeall 15,000 mír san iomlán ar fáil sa leabharlann shealadach. De réir Bheartas um Bainistiú Bailiúchán Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath, déanfar an stoc sin a bhainistiú agus a athnuachan go leanúnach.
Beidh teacht ag cliaint ar réimse leathan leabhar lena bhfáil ar iasacht agus lena mbreathnú sa leabharlann, leabhair faisnéise reatha agus leabhair faoi nithe a bhaineann le Baile Átha Cliath agus an ceantar áitiúil. Amhail gach leabharlann bhrainse i líonra Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath, beidh cóipeanna ann de na saothair ficsin agus neamhfhicsin reatha a mbíonn tóir mhór orthu, is é sin na saothair is mó a iarrtar tráth ar bith. Lena chois sin, mura bhfuil nithe ar fáil, is féidir iad a iarraidh ar leabharlanna eile ar fud Chathair agus Chontae Bhaile Átha Cliath agus tríd an gcóras Iasachtaí Idirleabharlainne chomh maith.
Beidh na nithe eile seo a leanas ar fáil mar chuid den stoc fosta: leabhair labhartha ar dhlúthdhioscaí agus i bhfoirm MP3, Sraitheanna Teanga, ábhar don Oideachas Bunata, DVDanna agus rannóg Ficsin Reatha d’Aosaigh Óga.
Idir leabhair chairtchláir do pháistí óga, leabhair don té atá ag forbairt scileanna léitheoireachta agus don té a d’éirigh féinmhuiníneach mar léitheoir le déanaí, agus úrscéalta sóisearacha do na pháistí is sine, beidh réimse an-mhaith ábhar léitheoireachta sa bhrainse sealadach do pháistí chomh maith. Beidh réimse leathan de leabhair faisnéise do pháistí ann fosta.
Beidh ríomhairí poiblí ar fáil do chliaint lena n-úsáid saor ó tháille agus beidh seirbhís Wi-Fi saor ó tháille ann do na cliaint ar mian leo ríomhairí glúine a úsáid.
Beidh daoine den phobal ábalta nuachtáin nó irisí a léamh chomh maith.
Coinneoidh an clár fógraíochta agus ionad faisnéise pobail eolas leis na cliaint faoi imeachtaí uile an cheantair áitiúil.
Beidh spásanna teoranta sa leabharlann ag Cnoc Pháircéir le haghaidh staidéir. Más mian le mic léinn spásanna staidéir a bheith acu, is féidir leo leabharlanna eile a úsáid sa líonra brainsí. Is iad na leabharlanna brainse seo a leanas is cóngaraí do Leabharlann Ráth Maonais:
Tá saoráidí forleithne staidéir ar fáil do mhic léinn chomh maith i Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath, Sráid an Phiarsaigh.
Bain úsáid as Google Maps chun áitreabh sealadach a aimsiú.
Cad é atáthar ag beartú a dhéanamh le stoc Leabharlann Ráth Maonais?
Táthar i ndiaidh an stoc, nach mbeidh in úsáid faoi láthair sa leabharlann shealadach, a phacáil agus a stóráil go cúramach. Tá baill foirne Leabharlann Ráth Maonais ag obair chun stoc na leabharlainne a athbhreithniú agus a athnuachan le linn thréimhse an dúnta. Tabharfar tosaíocht do cheannach stoic nua do Leabharlann Ráth Maonais sa bhuiséad fála a bheidh ag Leabharlanna na Cathrach do na blianta 2010 agus 2011.
Conas a gheobhaidh mé an t-eolas is déanaí faoi cad é atá ag tarlú ?
Cuirfear an nuacht is déanaí faoin tionscadal go rialta ar shuíomh gréasáin Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath. Beidh tú ábalta muid a aimsiú ar Facebook chomh maith – http://on.fb.me/dubcilib
Cén fáth ar roghnaíodh Cnoc Pháircéir mar áit le haghaidh leabharlann shealadach?
Roghnaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Cnoc Pháircéir mar áit le haghaidh leabharlann shealadach de bhrí gurb ann a bhí an t-aonad ab oiriúnaí ba cóngaraí lena úsáid go ceann gearrthréimhse agus é laistigh den bhuiséad a bhí ar fáil. Bhí orainn foirgneamh a aimsiú a bhí suite in áit mhaith inrochtana i Ráth Maonais agus a bheadh ar fáil le linn don Leabharlann a bheith dúnta, ar foirgneamh é a mbeadh na saoráidí ann a bheadh de dhíth ar leabharlann ghníomhach. Bhreathnaíomar ar chuid mhór foirgneamh, ach d’aithníomar gurbh í an áit ag Cnoc Pháircéir ab fhearr chun freastal ar ár gcuid riachtanas agus gurbh í an réiteach ab éifeachtaí ó thaobh costas.
Cathain a hathosclófar Leabharlann Ráth Maonais?
Osclófar Leabharlann Ráth Maonais sínte agus athchóiríthe go nua in 2011.
Cé atá i mbun an tionscadail?
Choimisiúnaigh Comhairle na Cathrach Consarc Conservation chun pleananna a cheapadh a chuirfeadh Leabharlann Ráth Maonais agus roinnt leabharlann eile in oiriúint do gach úsáideoir. Tá Consarc Conservation ag obair i gcomhar le hailtirí ón gComhairle Cathrach agus le Bainisteoirí na Leabharlann chun an tionscadal a chríochnú.
An féidir le daoine den phobal guthaíocht a bheith acu sna pleananna ?
Bá bhreá linn do thuairimí a fháil agus tú a bheith páirteach seo phróiseas sin.
Mar a mhínítear thuas, cuireadh na pleananna le haghaidh na leabharlainne trí roinnt próiseas éagsúil comhairliúcháin agus, ina measc, Próiseas Pleanála Chuid 8 agus próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi cheanglais an Achta um Míchumas. Sna míonna atá le teacht sula n-osclófar Leabharlann Ráth Maonais beidh babhta comhairliúcháin ar leith againn le grúpaí leasmhara agus cuirfear an t-eolas sin san áireamh nuair a dhéanfar feistiú na leabharlainne. Fógrófar sonraí an bhabhta comhairliúcháin ar shuíomh gréasáin na leabharlann agus conas is féidir leat do thuairim féin a thabhairt.
Faisnéis faoi Thionscadal na nOibreacha:
Teil: 01 674 4833
Féach ar thorthaí oibreacha feabhsúcháin i leabharlanna brainse eile (Íomhánna le fáil ar ár leathanach flickr)!