English
Is í Cathair Bhaile Átha Cliath, ina bhfuil daonra 527,612 príomhchathair na hÉireann ó thaobh polaitíochta, riaracháin, oideachais, tráchtála, miondíola agus cultúir de. Is geata í chuig Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (MBÁC), ceantar uirbeach lena mbaineann daonra 1,273,069 (Daonáireamh 2011). Áirítear cónaitheoirí, oibreoirí, siopadóirí, mic léinn agus turasóirí i measc na gcuairteoirí laethúla ar an gcathair. Is é Baile Átha Cliath inneall eacnamaíoch an stáit agus ní mór don tseirbhís leabharlainne poiblí aird a bheith aici ar an gcomhthéacs áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta a ghabhann leis an gcathair.
Ó 2010 i leith, tá an plean seo mar chuid d’fhís chomhroinnte le haghaidh Bhaile Átha Cliath, chun cathair tharraingteach, bheoga agus chuimsitheach a chruthú, agus béim as an nua ar chruthaitheacht, ar inbhuanaitheacht agus ar fholláine. Is é an sprioc a ghabhann leis leabharlann phoiblí agus seirbhísí cartlainne na cathrach a chur sa chaoi is go mbeidh siad lárnach do chur i gcrích straitéise comhair le haghaidh cáilíocht saoil eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha a fheabhsú do chónaitheoirí, d’oibreoirí, do mhic léinn agus do chuairteoirí na cathrach.
Is é sprioc an phlean seo saol mhuintir Bhaile Átha Cliath a fheabhsú. Is í an fhís seirbhís leabharlainne poiblí an 21ú haois a chruthú a bheidh oiriúnach do phríomhchathair, líonra eolais fáilteach agus cuimsitheach a mbeidh inneall smaointe agus faisnéise mar chuid lárnach de. Cuirfidh foireann leabharlainne atá inniúil, muiníneach agus cairdiúil an fhís i gcrích. Is í an uaillmhian atá againn go mbeidh an pobal – an léitheoir, an foghlaimeoir, an taighdeoir, an cuairteoir agus an turasóir – i gceannas; go mbeidh siad ábalta taitneamh agus foghlaim a bhaint as bailiúcháin d’ardchaighdeáin, as seirbhísí gan uaim, agus as cúnamh pearsantaithe agus as faisnéis phearsantaithe, is cuma é sin a bheith ar fáil i bhfoirgnimh fháilteacha nó ar líne.
Tá ról tábhachtach ag leabharlanna poiblí maidir le téarnamh na tíre ón gcúlú eacnamaíochta reatha. Cruthófar deiseanna chun rannchuidiú as an nua le réitigh inoibrithe trí chúnamh a thabhairt do dhaoine aonair agus do phobail an acmhainn atá iontu a bhaint amach agus a scileanna agus a gcumais a fheabhsú. D’fhéadfadh samhlacha nua cruthaitheachta, fiontraíochta agus fostaíochta teacht chun cinn de thairbhe sin. Ag tráth a bhfuil airgead gann sa tír déanfaimid an luach is fearr a bhaint as an maoiniú poiblí a fhaightear. Díreofar na hathruithe atá beartaithe ar fhorbairt riachtanais na gcliant, na mball reatha agus an lucht féachana nach bhfuil freastal déanta orthu go fóill.
Margaret Hayes
Leabharlannaí Chathair Bhaile Átha Cliath
Plean Forbartha le hAghaidh Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath 2012 - 2016 (PDF (3.1MB)
Cannot access PDF?