Leabharlann Dhroim Conrach

In English

Oibreacha chun an bealach rochtana isteach chuig Leabharlann Dhroim Conrach a fheabhsú

TABHAIR DO D’AIRE LE DO THOIL go ndúnfar Leabharlann Dhroim Conrach ag 5pm ar 21 Samhain 2009 chun go ndéanfar oibreacha feabhsúcháin.

Leanfar de na hoibreacha go ceann 3 mhí ar a laghad.

Cuirfear seirbhís shealadach ar fáil i leabharlann taistil.

Seirbhís Taistil do Dhroim Conrach le linn na n-Oibreacha Rochtana:

  • Luan 10am go 1pm 
  • Máirt 10am go 1pm agus 5.15 go 7.30pm
  • Céadaoin 10am go 1pm
  • Déardaoin 2pm go 4.30pm
  • Satharn 10am go 1pm agus 2pm go 4.30pm

Is oth le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an chiotaí a dhéanfar d’úsáideoirí leabharlainne agus tá sí ag tnúth go mór le seirbhís níos fearr a sholáthar i Leabharlann Dhroim Conrach.

Tuilleadh eolais


Leabharlann Dhroim Conrach

Seoladh: Ascaill Chnoc an Mhuilinn, Baile Átha Cliath 9

Ceantar: Ceantar an Lárthuaiscirt

Teileafón: +353 1 8377206

Ríomhphoist: drumcondralibrary@dublincity.ie

 

Ar Oscailt Idir

Luan, Céadaoin,  Aoine & Satharn: 10 am – 1 pm & 2 pm -  5pm
Máirt  & Déardaoin 12.45pm – 4 pm & 4.45 pm – 8 pm
An Domhnach: Dúnta
Socruithe le haghaidh Saoire

Treoracha

Bus: 3, 11, 11A (bus stops at St. Patrick's College), 16 16A. Aimsigh clár ama Bhus Átha Cliath.

Traen: Aimsigh clár ama an Iarnród Éireann.

Féach an léarscáil thíos.

Sonraí

Is brainse beag í Leabharlann Dhroim Conrach a fhreastalaíonn ar Dhroim Conrach, fo-bhaile i dtuaisceart na cathrach.

Insroichteacht Insroichteacht

Tá an áit seo curtha in oiriúint do chathaoireacha rothaí agus tá closchóras lúb ionduchtúcháin ar fáil le húsáid le háiseanna éisteachta. Tá teicneolaíocht chúnta ar fáil fosta do dhaoine lagamhairc.

Seirbhísí

  • Catalóg ar Líne don Phobal
  • Seirbhís Léarscáileanna Staire na Suirbhéireachta Ordanáis
  • Wi-FiSeirbhís Idirlín gan Sreang agus Leathanbhanda gan táille
  • Seirbhís Fótachóipeála
  • Foirmeacha Iarratais le haghaidh Mótarchánach, Pas, etc.
  • Clár Fógraí / Faisnéise don Phobal
  • Taispeántais / Ceardlanna / Léiríochtaí
  • Grúpa Léitheoirí Fásta
  • Club Leabhar na Sóisear
  • Leabhair Labhartha ar Dhlúthdhioscaí agus ar Théipeanna d’Aosaigh agus do Pháistí
  • An Roinn ‘Furasta a Léamh’
  • Blociasachtaí do Ghrúpaí de réir socraithe
  • Gníomhaíochtaí do Pháistí / Cuairteanna Ranga

    Breathnaigh liosta d’imeachtaí i Leabharlanna Poiblí Bhaile Átha Cliath (as bearla).