Leabharlann Pheambróg

In English

Oibreacha chun an bealach rochtana isteach chuig Leabharlann Pheambróg a fheabhsú

TABHAIR DO D’AIRE LE DO THOIL go ndúnfar Leabharlann Pheambróg ar 21 Samhain 2009 ag 5pm  chun go ndéanfar oibreacha feabhsúcháin

Leanfar de na hoibreacha go ceann 4 mhí ar a laghad.

Is oth le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an chiotaí a dhéanfar d’úsáideoirí leabharlainne agus tá sí ag tnúth go mór le seirbhís níos fearr a sholáthar i Leabharlann Pheambróg.

Cuirfear seirbhís shealadach ar fáil ó Dé Luain 23 Samhain ar aghaidh ag an láthair seo a leanas:
The Private Pavilion, Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RD S), Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4

Uaireanta Oscailte ó 23 Samhain 2009 ag  The Private Pavilion:

  • Luan & Máirt 1pm go 8pm
  • Céadaoin & Déardaoin 10am go 5pm
  • Aoine & Satharn 10am – 1pm & 1.45 – 5pm

Bealach isteach via an pointe iontrála chuig Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS) ag Bóthar Anglesea

Tuilleadh eolais


Leabharlann  Pheambróg

Seoladh: Bóthar Anglesea, Baile Átha Cliath, 4

Ceantar: Ceantar an Oirdheiscirt

Teileafón: +353 1 6689575

Ríomhphoist: pembrokelibrary@dublincity.ie

Ar Oscailt Idir

Luan & Máirt 1pm  - 8 pm
Céadaoin & Déardaoin 10 am – 5pm
Aoine & Satharn 10 am – 1 pm & 1.45 pm - 5pm
An Domhnach: Dúnta
Socruithe le haghaidh Saoire

Treoracha

Bus: 2, 3, 5, 7, 8, 18, 45. Aimsigh clár ama Bhus Átha Cliath.

Dart: Stáisiún Bhóthar Lansdún . Aimsigh clár ama an DART.

Féach an léarscáil thíos

Sonraí

Freastalaíonn Leabharlann Peambróg ar cheantar a bhfuil Droichead na Dothra ina lár, ceantar cónaithe ar an taobh theas de Bhaile Átha Cliath, dhá mhíle ó lár na cathrach, agus í suite idir Dumhach Thrá ar an gcósta agus Domhnach Broc taobh istigh.Insroichteacht

Insroichteacht

Tá an áit seo curtha in oiriúint do chathaoireacha rothaí agus tá closchóras lúb ionduchtúcháin ar fáil le húsáid le háiseanna éisteachta. Tá teicneolaíocht chúnta ar fáil fosta do dhaoine lagamhairc, do dhaoine a bhfuil deacrachtaí sa léitheoireacht acu agus do daoine nach é an Béarla a gcéad teanga.

Seirbhísí

  • Catalóg ar Líne don Phobal
  • Seirbhís Léarscáileanna Staire na Suirbhéireachta Ordanáis
  • Seirbhís Idirlín gan Sreang agus Leathanbhanda gan táille
  • Wi-FiSeirbhís Fótachóipeála
  • Foirmeacha Iarratais le haghaidh Mótarchánach, Pas, etc.
  • Clár Fógraí / Faisnéise don Phobal
  • Seirbhís Seachadta chun Tí
  • Grúpa Léitheoirí Fásta
  • Droichead na Dothra , Dumhach Thrá & Domhnach Broc  Cumann Staire
  • Taispeántais / Léachtaí / Ceardlanna / Léiríochtaí
  • Leabhair Labhartha ar Dhlúthdhioscaí agus ar Théipeanna d’Aosaigh agus do Pháistí
  • Blociasachtaí do Ghrúpaí de réir socraithe
  • Gníomhaíochtaí do Pháistí / Club Leabhar na Sóisear / Cuairteanna Ranga
  • Bailiúchán Speisialta- Bailiúchán DVDanna

 Breathnaigh liosta d’imeachtaí i Leabharlanna Poiblí Bhaile Átha Cliath (as bearla)