Leabharlann Ráth Maonais

In English

Áitreabh Sealadach

Tabhair faoi deara: Atosú ar Sheirbhís Leabharlainne i Ráth Maonais, Dé Luain, 25 Eanáir 2010. Seoladh:

Aonad 1,
Halla Pháircéir
Cnoc Pháircéir
Le hais Bóthair Ráth Maonais Íochtarach
(in aice le hOllmhargadh Aldi)

Amanna Oscailte:  10.00am – 5.00pm, Luan go hAoine.

Is seirbhís teoranta í seo, cuir ceist sa leabharlann i gcomhair tuilleadh eolais.

Oibreacha chun an bealach rochtana isteach chuig Leabharlann Ráth Maonais a fheabhsú

TABHAIR DO D’AIRE LE DO THOIL go ndúnfar Leabharlann Ráth Maonais ag 5pm ar 5th Nollag 2009 chun go ndéanfar oibreacha feabhsúcháin.

Leanfar de na hoibreacha go ceann 10 mhí ar a laghad.

Beidh seirbhís shealadach leabharlainne ar fáil i gceantar Ráth Maonais. Beidh na sonraí ar fáil go luath.

Is oth le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an chiotaí a dhéanfar d’úsáideoirí leabharlainne agus tá sí ag tnúth go mór le seirbhís níos fearr a sholáthar i Leabharlann Ráth Maonais

Tuilleadh eolais


Leabharlann Ráth Maonais

Seoladh: 157 Bóthar Ráth Maonais Íochtarach, Baile Átha Cliath, 6

Ceantar: Ceantar an Lárdheiscirt

Teileafón: + 353 1 4973539

Ríomhphoist: rathmineslibrary@dublincity.ie

Ar Oscailt Idir

Luan - Déardaoin: 10am - 8pm
Aoine & Satharn: 10am - 5pm
An Domhnach: Dúnta
Socruithe le haghaidh Saoire

Treoracha

Bus: 14, 14A, 15, 15A, 83. Aimsigh clár ama Bhus Átha Cliath.

Féach an léarscáil thíos.

Sonraí

Tá Leabharlann Ráth Maonais suite i gceantar cónaithe timpeall 3 mhíle ó lár na cathrach i ndeisceart Bhaile Átha.

InsroichteachtInsroichteacht

Tá an áit seo curtha in oiriúint do chathaoireacha rothaí agus tá closchóras lúb ionduchtúcháin ar fáil le húsáid le háiseanna éisteachta. Tá teicneolaíocht chúnta ar fáil fosta do dhaoine lagamhairc, do dhaoine a bhfuil deacrachtaí sa léitheoireacht acu agus do daoine nach é an Béarla a gcéad teanga.

Seirbhísí

  • Catalóg ar Líne don Phobal
  • Seirbhís Léarscáileanna Staire na Suirbhéireachta Ordanáis
  • Seirbhís Idirlín gan Sreang agus Leathanbhanda gan táille
  • Oiliúint in úsáid an Idirlín – bunleibhéal agus meánleibhéal
  • Sraith Microsoft Office ar fáil
  • Spás Staidéir
  • Seomra Cruinnithe
  • Seirbhís Fótachóipeála
  • Litearthacht d’Aosaigh agus ábhar don Oideachas Bunata
  • Foirmeacha Iarratais le haghaidh Mótarchánach, Pas, etc.
  • Clár Fógraí / Faisnéise don Phobal
  • Grúpa Léitheoirí Fásta
  • Taispeántais / Léachtaí / Ceardlanna / Léiríochtaí / Ceadail Cheoil
  • An Roinn ‘Furasta a Léamh’
  • Leabhair Labhartha ar Dhlúthdhioscaí agus ar Théipeanna d’Aosaigh agus do Pháistí
  • DVDanna
  • Blociasachtaí do Ghrúpaí de réir socraithe
  • Gníomhaíochtaí do Pháistí / Club Leabhar na Sóisear / Cuairteanna Ranga

Seomra Léitheoireachta - Nuachtáin

Nuachtáin laethúla ar fáil:

  • The Irish Times
  • The Irish Independent
  • The Examiner
  • The Daily Telegraph
  • The Times
  • The Financial Times
  • The Guardian
  • The Evening Herald

Bailiúchán Speisialta:

  • Thoms Street Directory 1845
  • Irish Newspaper collection 1970
  • Acts of the Oireachtas 1922 - 1979
  • Directory of National Biography

Breathnaigh liosta d’imeachtaí i Leabharlanna Poiblí Bhaile Átha Cliath (as bearla).