Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

Ceisteanna Coitianta

In English

Conas is féidir liom a bheith i mo bhall den Leabharlann?  An féidir liom ballraíocht a fháil ar líne?

Más rud é go bhfuil tú i do chónaí nó ag obair i gCathair nó i gContae Bhaile Átha Cliath is féidir leat a bheith i do bhall d’aon cheann de Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath.  Is féidir le háitritheoirí gur daoine fásta iad atá ar Chlár na dToghthóirí do Chathair nó do Chontae Bhaile Átha Cliath, agus le híocóirí rátaí tráchtála de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath nó de chuid Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath (Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Fhine Gall nó Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin), nach bhfuil cláraithe, a bheith ina mbaill ar a ráthaíocht féin ach fianaise aitheantais phearsanta agus chónaitheachta nó fianaise gur íocóirí tráchtála iad a thaispeáint.  Is gá dhá chineál aitheantais a thabhairt. Ní mór ainm agus seoladh buan i mBaile Átha Cliath a bheith ar cheann acu, .i. bille fóntais, ráiteas bainc. Is é an t-ainm amháin atá ag teastáil ar an dara cruthúnas aitheantais, .i. cárta bainc, cárta mic léinn, pas agus araile. Más rud é go bhfuil tú faoi ocht mbliana déag d’aois ní mór duit síniú tuismitheora nó caomhnóra a bheith agat. Beir leat foirm iarratais ó do mbrainse áitiúil.

Bealach sciobtha le bheith i do bhall den leabharlann áitiúil is ea tú féin a chlárú ar líne. Gheobhaidh tú uimhir shealadach iasachtaí nuair a chláróidh tú agus beidh 3 mhí agat ina dhiaidh sin chun bualadh isteach go dtí do leabharlann áitiúil le 2 chineál aitheantais chun do chárta nua leabharlainne a bhailiú. Beidh tú ábalta ní amháin a chur in áirithe ar an bpointe agus é a bhailiú níos déanaí ag cibé brainse is fearr leat má chláraíonn tú ar líne. 

An ngearrtar táille le bheith i do bhall den leabharlann?

Ní ghearrtar. Tá an bhallraíocht saor in aisce ach gearrtar táillí ainmniúla as clódóireacht, fótachóipeáil agus dioscaí flapacha.

Nílim i mo chónaí i mBaile Átha Cliath, ach táim ag obair ann – an bhféadfainn a bheith i mo bhall mar sin féin?

D’fhéadfá. Ní mór iarratas ar bhallraíocht ó iarratasóirí gur daoine fásta iad ach nach bhfuil ina gcónaí i gCathair nó i gContae Bhaile Átha Cliath nó nach íocóirí rátaí tráchtála iad de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath nó de chuid Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, nó Fhine Gall nó Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin, a n-iarratas a bheith ráthaithe ag duine atá i dteideal ballraíochta ar a ráthaíocht féin.

Céard is féidir liom a fháil ar iasacht ón leabharlann?

Is féidir leat leabhair, caiséid, agus dlúthdhioscaí a fháil ar iasacht. Bíonn DVDanna agus físeáin i gcuid de na brainsí. Is féidir leat 8 ní a fháil ar iasacht ar thicéad duine fásta agus 6 ní ar thicéad sóisir.

Conas is féidir liom nithe leabharlainne a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide gan fíneálacha a íoc?

Is féidir leat nithe a fháil an athuair ar feadh tréimhse níos faide ach glao teileafóin a dhéanamh, iarratas a dhéanamh ar an bpost nó ar líne nó bualadh isteach tú féin.  Tabhair an uimhir atá os cionn an bharrachóid ar an ní nó tabhair uimhir do chárta ballraíochta le do thoil chun nithe a fháil ar iasacht an athuair. Ní féidir leat ní a fháil ar iasacht an athuair má bhíonn sé curtha in áirithe ag duine éigin eile, nó má sháraíonn tú an líon uaireanta gur féidir leat an ní a fháil ar iasacht an athuair.

An féidir liom ábhar leabharlainne a chur in áirithe?

Is féidir leat ábhair leabharlainne a chur in áirithe ach foirm iarratais a líonadh amach nó an t-ábhar a chur in áirithe ar líne. Beidh d’uimhir iasachtaí leabharlainne chomh maith le d’Uimhir Aitheantais Phearsanta uait chun ní a chur in áirithe ar líne. Buail isteach chuig do leabharlann áitiúil le do thoil mura bhfuil d'uimhir aitheantais phearsanta ar eolas agat. Gearrtar táille 50c in aghaidh gach ní a chuirtear in áirithe.

Is féidir leas a bhaint as BorrowBooks.ie chun catalóga ar líne agus suímh ghréasáin leabharlanna poiblí na hÉireann a chuardach agus chun ábhair nach bhfuil i seilbh Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath a chur in áirithe. 

Is féidir ábhar nach bhfuil le fáil tríd an líonra leabharlann poiblí in Éirinn a fháil ó fhoinse éigin eile. Gearrfar táille €5.00 ar nithe a gheofar ó Leabharlann na Breataine.

Conas is féidir liom dul i dteagmháil le Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath?

Ba chóir ceisteanna ginearálta a sheoladh chuig
Na Príomhoifigí Riaracháin,
Leabharlann & Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath, 
138-144 Sráid an Phiarsaigh,
Baile Átha Cliath 2.

Teil.: (01) 6744800
Facs: (01) 6744879 (Riarachán); (01) 6744880 (Bainistíocht)
Ríomhphost: dublinpubliclibraries@dublincity.ie  

Tugtar sonraí teagmhála de na leabharlanna aonair brainse i “Aimsigh an leabharlann a theastaíonn uait

Céard iad uaireanta oscailte na leabharlann brainse? Céard a tharlaíonn i rith na saoire?

Bíonn uaireanta oscailte éagsúla i bhfeidhm. Seiceáil na huaireanta oscailte leis na brainsí iad féin.

Bíonn socruithe saoire éagsúla i bhfeidhm.  Dúntar Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath ar feadh líon áirithe laethanta i gcomhair na Nollag agus na Cásca; agus ar Lá Fhéile Pádraig agus ar shaoire bainc (mar shampla, ar Laethanta Saoire Bainc ar an Luan, dúntar an leabharlann ar an Luan agus ar an Satharn roimhe sin). 

Seiceáil leathanach baile na leabharlainne agus clár fógraí na leabharlainne chun socruithe saoire áirithe a fháil amach. 

An féidir liom mo chuntas ballraíochta sa leabharlann a sheiceáil ar líne?

Is féidir leat do chuntas pearsanta a sheiceáil ar líne má bhíonn Uimhir Aitheantais Phearsanta agat. Cuireann an uimhir seo cosc ar dhaoine neamhúdaraithe dul isteach i do chuntas. Más rud é nach bhfuil uimhir aitheantais phearsanta agat buail isteach chuig brainse ar bith agus tabharfar ceann duit.

Conas a bhfaighinn Uimhir Aitheantais Phearsanta?

Taispeáin do chárta leabharlainne ag brainse ar bith agus tabharfar Uimhir Aitheantais Phearsanta duit. Ní mór duit féin a bheith i láthair ionas go mbeifear ábalta a dheimhniú gur tú atá ann. Déantar é seo chun cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe dul isteach i do chuntas pearsanta.

An féidir liom nithe leabharlainne a fháil ar iasacht an athuair ar líne?

Is féidir nithe a fháil ar iasacht an athuair ar líne má bhaineann tú úsáid as d’uimhir aitheantais phearsanta. Más rud é nach bhfuil uimhir aitheantais phearsanta agat buail isteach chuig brainse ar bith agus tabharfar ceann duit.

Is seirbhís nua ar líne í “Iasacht Thapa an Athuair” a chuireann ar do chumas na nithe go léir ar do chárta leabharlainne a fháil ar iasacht an athuair .

An féidir liom nithe a chur in áirithe ar líne?

Is féidir nithe a chur in áirithe ar líne má bhaineann tú úsáid as d’uimhir aitheantais phearsanta. Más rud é nach bhfuil uimhir aitheantais phearsanta agat buail isteach chuig brainse ar bith agus tabharfar ceann duit.

An bhfuil an tIdirlíon le fáil i mo leabharlann?

Soláthraíonn Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath seirbhís leathanbhanda saor in aisce agus rochtain gan sreang (as Bearla) ar an Idirlíon i líonra na leabharlann brainse. Téigh i dteagmháil le do bhrainse áitiúil chun níos mó eolais a fháil faoin ár seirbhís Idirlín a úsáid.
Léigh an dá pholasaí atá againn “Polasaí ar Úsáid Inghlactha an Idirlín” agus “Polasaí ar an Idirlíon a Chur in Áirithe” (as Bearla).

An bhféadfainn foghlaim conas ríomhairí a úsáid istigh sa leabharlann?

D’fhéadfá. Tá clár ag Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath ar a dtugtar ‘Websmart’ atá saor in aisce do chustaiméirí.  Is taispeántais/léachtaí léirithe Idirlín atá i gceist leis seo agus cuirtear ceardlanna ar fáil do dhaoine aonair agus do ghrúpaí beaga as an bpobal. Baintear úsáid as an líonra forleathan de phointí rochtana poiblí Idirlín atá i leabharlanna brainse ar fud na Cathrach chun é seo a dhéanamh. Téigh i dteagmháil le do bhrainse áitiúil chun sonraí a fháil.

An bhféadfainn an chatalóg a chuardach ar líne?

D’fhéadfá. Is féidir an chatalóg a chuardach de réir údair, teidil nó eochairfhocail. Beidh siad seo le feiceáil agat sa chatalóg: an fhormáid, (.i. clúdach bog, leabhar labhartha, agus ar araile), láthair an bhrainse agus cibé an bhfuil an ní le fáil nó an bhfuil sé amuigh ar iasacht.

Cá bhfuil Leabharlann & Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath?

Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath suite ar an taobh ó dheas d’Abhainn na Life ar 138-144 Sráid an Phiarsaigh, idir Sráid Sandwith Uachtarach agus Sráid na hÉirne Uachtarach, Baile Átha Cliath 2. Ceathrú uaire siúlóide atá ann ó Fhaiche an Choláiste agus is éasca teacht uirthi ar bhus uimhir 2 agus ar bhus uimhir a 3 a stopann taobh amuigh den leabharlann nó ar thraein An Dart nó Arrow chuig Stáisiún an Phiarsaigh, Rae an Iarthair. Is í an áis pháirceála ‘Íoc agus Taispeáin’ amháin atá ann do charranna agus is ar an tsráid atá sí sin.

Cén cineál eolais atá le fáil i gCartlanna Chathair Bhaile Átha Cliath?

Tá taifid ar rialtas cathrach Bhaile Átha Cliath ón mbliain 1171 go dtí deireadh an 20ú haois le fáil i gCartlanna Chathair Bhaile Átha Cliath. Áirítear miontuairiscí cruinnithe coiste agus na Comhairle Cathrach, leabhair chuntais, comhfhreagras, tuarascálacha, cuntais chúirte, achainíocha carthanachta, gníomhais teidil, léarscáileanna, agus pleananna agus líníochtaí, agus iad go léir ina gcuntas ar an bhforbairt a rinne Baile Átha Cliath le hocht gcéad bliain anuas.

Conas a chláróidh mé le Cárta Taighde Leabharlainne a fháil?

[Is leis an Seomra Léitheoireachta, Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath, Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2 a bhaineann sé seo.]

Is féidir Cárta Taighde a fháil ach foirm iarratais atá le fáil ag Deasc Eisiúna an tSeomra Léitheoireachta a líonadh amach. Bíodh cárta aitheantais ar iompar agat le do thoil – ceadúnas tiomána, pas, pas taistil nó Cárta Aitheantais slándála sóisialaí le haghaidh an chláraithe.  Ní bhíonn na Cártaí Taighde bailí ach ar feadh tréimhse 3 bliana ó dháta a n-eisithe.

An féidir liom leabhair agus ábhair chartlainne a thógáil amach ar iasacht as an Seomra Léitheoireachta?

[Is leis an Seomra Léitheoireachta, Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath, 138-144 Sráid an Phiarsaigh amháin a bhaineann sé seo]

Ní féidir ábhair leabharlainne agus chartlainne a fháil ar iasacht ná ní féidir iad a thógáil amach as an Seomra Léitheoireachta.  Is féidir teacht ar bhailiúcháin ach foirmeacha iarratais a líonadh amach ag an Deasc Eisiúna agus is féidir breathnú orthu sa Seomra Léitheoireachta agus ansin amháin.

An féidir liom breathnú ar shean-nuachtáin?

Bíonn eagráin reatha de nuachtáin ar fáil i líon áirithe de leabharlanna brainse. Is féidir teacht ar eagráin reatha agus ar sheaneagráin de líon áirithe teideal (cruachóip) chomh maith le líon áirithe atá ar mhicreascannán agus ar líne, san Ionad Eolais Gnó, An Lárleabharlann, Lárionad Ilac, Baile Átha Cliath 1.

Tá réimse leathan de nuachtáin ar chruachóip agus ar mhicreascannán i Leabharlann agus i gCartlann Bhaile Átha Cliath. Tá idir nuachtáin ón ochtú haois déag go dtí nuachtáin an lae inniu ann. Ní bhíonn eagráin reatha agus eagráin a tháinig amach le gairid ar fáil chun breathnú orthu go ceann sé mhí ina dhiaidh sin.

Tá Cartlann Dhigiteach de The Irish Times le fáil ar líne agus tá sí saor in aisce d’úsáideoirí Idirlín sna brainsí go léir de chuid Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath trí www.askaboutireland.ie. Tá na heagráin go léir ón gcéad eagrán sa bhliain 1859 go heagrán an lae inniu de The Irish Times ar fáil sa chartlann dhigiteach. 

An bhféadfainn eolas a fháil faoi stair na háite agus mo ghinealach a lorg?

D’fhéadfá. Áirítear ábhair nua agus ábhair dara láimhe a bhaineann le Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath agus ina bhfuil réimse leabhar, nuachtáin, tréimhseacháin, grianghraif, léarscáileanna, priontaí, líníochtaí, cláir amharclainne, bileoga drámaí, póstaeir, bileoga bailéad, ábhair chlosamhairc agus nithe gearrshaolacha i mBailiúchán Staidéir Áitiúla Chathair Bhaile Átha Cliath agus na hÉireann. De bhrí gurb í cathair Bhaile Átha Cliath príomhchathair na hÉireann is mór an méid bailiúchán atá sa Leabharlann Chathrach faoi ábhair gur díol spéise iad do mhuintir na hÉireann agus lena n-áirítear leabhair agus ábhair eile a bhaineann le hÉirinn, le húdair Éireannacha, agus leabhair agus ábhair i nGaeilge.  Áirítear foinsí eolais faoi ghinealach agus comhairle chun do chraobh ghinealaigh a lorg leis an mbailiúchán.

An bhféadfainn eolas a fháil ar conas mo ghnó féin a thosú?

D’fhéadfá. Is seirbhís tagartha atá san Ionad Eolais Gnó atá á fheidhmiú ag Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath agus bíonn eolas faoi chuideachtaí agus faoi mhargaíocht ach go háirithe le fáil ann.  Tá bailiúchán leabhar, eolairí, reachtaíocht a bhaineann le rialtas na hÉireann, irisí gnó, bunachair shonraí, nuachtáin, san Ionad mar aon le bailiúchán de thuarascálacha cuideachtaí Éireannacha.  Tá eolas cuimsitheach le fáil san Ionad faoi ghnó a thosú agus éascaíonn sé cláir “Ag Tosú do Ghnó Féin” faoi dhó sa bhliain, go hiondúil san Earrach agus arís san Fhómhar. 
Bíonn na cláir á reáchtáil ag Bord Fiontar Cathrach Bhaile Átha Cliath i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Is sa Lárleabharlann, Lárionad ILAC, Sráid Anraí, Baile Átha Cliath 1 atá an tIonad suite.

An bhféadfainn creidiúnú a fháil ar na cúrsaí a chuirim i gcrích sa leabharlann?

D’fhéadfá “Deimhniú ar Chríochnú Cúrsa” (sínithe ag do Leabharlannaí Brainse agus ag an Leabharlannaí Cathrach) a fháil tar éis 50 uair foghlama a bhain le clár áirithe, Cúrsa Linguaphone mar shampla, a chur isteach.  Tá eolas le fáil ón Ionad Foghlama Oscailte faoi Scrúduithe na hInstitiúide do Theangeolaithe.

An gcuireann an leabharlann deiseanna féinteagaisc ar fáil?

Cuireann go leor leabharlanna brainse áiseanna foghlama ríomhaireachta agus teanga ar fáil mar aon le gearrchúrsaí, cainteanna agus taispeántais. Tá réimse leathan de chúrsaí féinteagaisc agus d’áiseanna le fáil san Ionad Foghlama Oscailte sa Lárleabharlann. Faigh tuilleadh eolais faoi na deiseanna foghlama atá ag Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath (as Bearla).

An bhfuil seirbhís seachadadh leabhar ann ó leabharlann go baile?

Tá seirbhís seachadadh leabhar ó leabharlann go baile le fáil ó Sheirbhís na Leabharlanna Taistil. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo ag Príomhoifigí na Leabharlanna Taistil, Leabharlann na Cabraí, Bóthar na hUaimhe, Baile Átha Cliath 7.

Teil: 00-353-1-8691415
Facs: 00-353-1-8691412
Ríomhphost: mobilelibraries@dublincity.ie  

Céard a dhéanfaidh mé má chaillim mo chárta ballraíochta leabharlainne?

Cuir in iúl do do leabharlann brainse áitiúil gur chaill tú do chárta. Is féidir leat foirm bhallraíochta a líonadh amach chun cárta eile a fháil má bhuaileann tú isteach chuig an mbrainse agus eiseofar cárta nua ort.  Cuirfear eolas isteach ar do chárta nuafaoi d’iasachtaí, lena n-áirítear iasachtaí thar téarma nó iarrataí.

Céard a tharlóidh má chaillim ní a fuair mé ar iasacht ón leabharlann?

I gcás go gcailleann tú ní, beidh ort íoc as, nó cóip nua agus dea-bhail uirthi a sholáthar dúinn. Beidh ort chomh maith aon fhíneáil agus aon chostas poist a tabhaíodh a íoc sula gcuirfidh tú in iúl go bhfuil sé ar iarraidh. Más rud é go ndeachaigh ní ar iarraidh ort agus gur íoc tú as, agus ansin go bhfuair tú é, is féidir leat é a thabhairt ar ais chuig an leabharlann agus gheobhaidh tú aisíocaíocht.

Céard a tharlóidh mura dtabharfaidh mé nithe ar ais chuig an leabharlann in am?

Beidh fíneáil le gearradh ar nithe nár tugadh ar ais in am agus nach bhfuarthas ar iasacht an athuair. Is 50c in aghaidh na seachtaine nó in aghaidh cuid de sheachtain an fhíneáil a ghearrfar ar leabhair, caiséid, agus Dlúthdhioscaí, móide costas poist ar bith a tabhaíodh chun iad a fháil ar ais. Is 75c an fhíneáil a ghearrfar ar fhíseáin agus ar DVdanna móide costas poist. Is féidir leat fíneálacha a sheachaint ach teacht isteach agus do nithe a fháil ar iasacht an athuair tú féin, nó glao teileafóin a dhéanamh nó iarratas a dhéanamh ar an bpost nó ar líne.

Ba mhaith liom na leabhair a léigh mé a phlé le daoine eile.  An bhfuil Club/Grúpa Léitheoireachta ann?

Tá borradh faoi líon na nGrúpaí Léitheoireachta a thagann le chéile nó a bhfuil baint acu leis na Leabharlanna Poiblí. Tagann a bhformhór le chéile uair sa mhí chun plé a dhéanamh go beo bríomhar neamhfhoirmiúil ar ar léigh siad. Faigh tuilleadh eolais faoi Ghrúpaí Léitheoireachta i Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath (as Bearla).

An bhfuil áiseanna leithris phoiblí i mo bhrainse?

Is féidir leis an bpobal na háiseanna leithris a úsáid sna leabharlanna seo a leanas – sa Chabrach, i Sráid an Phiarsaigh, i mBaile Munna, i Dhroim Conrach, i Phreambróg, i Ráth Eanaigh agus i mBaile Bhailcín. Tá saoráidí poiblí ar fáil in aice leis na leabharlanna seo a leanas – Lárionad ILAC, Ionad Siopadóireachta Fhionnghlaise agus Ionad Siopadóireachta Dhomhnach Míde.