Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

Tairbhe a bhaint as an leabharlann

In English

Le bheith i do bhall den Leabharlann

Is iad seo a leanas na rialacháin a rialaíonn clárú ballraíochta sa leabharlann:

  1. Tá duine ar bith atá ina chónaí nó ag obair i gCathair nó i gContae Bhaile Átha Cliath i dteideal ballraíochta in aon cheann de na brainsí atá i gCóras Poiblí Leabharlainne Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
  2. Is féidir le háitritheoirí gur daoine fásta iad atá ar Chlár na dToghthóirí do Chathair nó do Chontae Bhaile Átha Cliath, agus le híocóirí rátaí tráchtála de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath nó de chuid Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, nó Fhine Gall nó Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin, nach bhfuil cláraithe, a bheith ina mbaill ar a ráthaíocht féin ach fianaise ar aitheantas pearsanta agus cónaitheachta nó fianaise gur íocóirí tráchtála iad a chur ar fáil.
  3. Ní mór iarratas ar bhallraíocht ó iarratasóirí gur daoine fásta iad ach nach bhfuil ina gcónaí i gCathair nó i gContae Bhaile Átha Cliath nó nach íocóirí rátaí tráchtála iad de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath nó de chuid Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, nó Fhine Gall nó Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin, a n-iarratas a bheith ráthaithe ag duine atá i dteideal ballraíochta ar a ráthaíocht féin mar atá tugtha faoi deara i mír 1 agus 2 thuas.
  4. Ní mór do dhaoine atá faoi ocht mbliana déag d’aois síniú a fháil ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir atá i dteideal ballraíochta faoina ráthaíocht féin.
  5. Tugtar ticéad tagartha do dhaoine fásta nach bhfuil i dteideal ballraíochta faoi mhír 1. nó 2. thuas nuair a thaispeántar aitheantas pearsanta.
  6. Tá téarmaí agus coinníollacha speisialta ag gabháil le ballraíocht sheirbhísí an tSeomra Léitheoireachta, Taighde agus Tagartha.

Aitheantas

Is gá dhá chineál aitheantais a thabhairt:

  1. Cruthúnas a eisíodh le gairid ar a bhfuil d’ainm agus do sheoladh buan i mBaile Átha Cliath mar shampla, bille fóntais, ráiteas bainc.  Ní ghlacfar le litreacha lámhscríofa.
  2. Is é an t-ainm amháin atá ag teastáil ar an dara cruthúnas aitheantais mar shampla, cárta bainc, cárta mic léinn, pas, agus araile.

Ní mór do dhaoine atá faoi 18 bliain d’aois síniú a fháil ó ráthóir. Is féidir a thuilleadh sonraí a fháil ó do bhrainse áitiúil.

Bain Ballraíocht Leabharlainne Amach Ar Líne

Níl tú i do bhall den leabharlann fós ach mar sin féin an dtaitneodh leat leabhar nó DVD a fháil ar iasacht? Beidh tú ábalta ní amháin a chur in áirithe ar an bpointe agus é a bhailiú níos déanaí ag cibé brainse is fearr leat má chláraíonn tú láithreach ar líne.  Beidh an leabharlann i dteagmháil leat chomh luath agus a bheidh an ní ar fáil ach é a bheith curtha in áirithe.

Bealach sciobtha le bheith i do bhall den leabharlann áitiúil is ea tú féin a chlárú ar líne. Gheobhaidh tú uimhir shealadach iasachtaí nuair a chláróidh tú agus beidh 3 mhí agat ina dhiaidh sin chun bualadh isteach go dtí do leabharlann áitiúil le 2 chineál aitheantais chun do chárta nua leabharlainne a bhailiú.

Cláraigh ar líne anois!

Muirir

Tá ballraíocht leabharlainne SAOR IN AISCE.

Gearrfar fíneálacha ar ábhair thar téarma:

  • Leabhair, leabhair labhartha, dlúthdhioscaí ceoil: 50c in aghaidh na seachtaine nó cuid de sheachtain móide an costas postais a bhaineann leis.
  • DVDanna, Físeáin: 75c in aghaidh an lae móide an costas postais a bhaineann leis.

Muirir Eile:

  • Nithe curtha in áirithe ó stoc Leabharlann Chathair Átha Cliath: 50c in aghaidh an ní
  • Nithe curtha in áirithe a fuarthas ó leabharlanna poiblí eile in Éirinn trí BorrowBooks.ie: 50c in aghaidh an ní
  • Nithe curtha in áirithe a fuarthas ó fhoinsí seachtracha eile (mar shampla Leabharlann na Breataine): €5.00 in aghaidh an ní
  • Fótachóipeáil: 20c in aghaidh bileog A4
  • Asphriontaí ríomhaire: 20c in aghaidh bileog A4
  • Sain-fhótachóipeáil:  75c in aghaidh na bileoige
  • Cártaí Fótachóipeála (má bhíonn i gceist): 5 aonad €1.00; 10 n-aonad €2.00; 20 aonad €4.00
  • Diosca Bog: €1.25 an ceann

Ní a chur in áirithe

Is féidir leat ábhair leabharlainne a chur in áirithe i do leabharlann áitiúil ar ábhair iad atá ar iasacht cheana féin nó ar ábhair iad nach bhfuil le fáil ach i mbrainse eile. Beidh d’uimhir iasachtaí leabharlainne chomh maith le d’Uimhir Aitheantais Phearsanta uait chun ní a chur in áirithe ar líne. Buail isteach chuig do leabharlann áitiúil mura bhfuil d’uimhir aitheantais phearsanta ar eolas agat.

Is féidir leas a bhaint as BorrowBooks.ie chun catalóga ar líne agus suímh ghréasáin leabharlanna poiblí na hÉireann a chuardach agus chun ábhair nach bhfuil i seilbh Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath a chur in áirithe.

LÉIGH an mhír Muirir thuas chun na muirir a ghearrfar chun ní a chur in áirithe a fháil amach.

Is féidir leat clárú ar líne (LÉIGH Bain Ballraíocht Leabharlainne Amach Ar Líne thuas) murar ball den leabharlann thú cheana féin. Má chláraíonn tú ar líne beidh tú i dteideal ní amháin a chur in áirithe nuair a chláraíonn tú.

Ní a Fháil ar Iasacht an Athuair

Is féidir ní a fháil ar iasacht an athuair ach bualadh isteach tú féin nó trí ghlao teileafóin a chur, nó iarratas a dhéanamh ar líne, a fhad is nach bhfuil an ní ag teastáil ó dhuine ar bith eile.  Más mian leat iarratas a dhéanamh ar an teileafón chun ní á fháil ar iasacht an athuair, tabhair uimhir an ní (atá os cionn an bharrachóid) nó uimhir do chárta ballraíochta. Más mian leat iarratas a dhéanamh ar líne chun ní a fháil ar iasacht an athuair cuir isteach d’uimhir iasachtaí leabharlainne chomh maith le d’Uimhir Aitheantais Phearsanta. Mura bhfuil d'uimhir aitheantais phearsanta ar eolas agat cheana féin buail isteach chuig do leabharlann áitiúil.