
Is é John Tierney an Bainisteoir Cathrach. Ceapadh sa phost sin é ar 7 Meán Fómhair 2006.
Tá taithí fhorleathan ag John in Earnáil an Údaráis Áitiúil, agus é tráth ina Bhainisteoir Cathrach i nGaillimh agus ina Bhainisteoir Contae i bhFine Gall.
Ról Bhainisteoir Cathrach Bhaile Átha Cliath
Agus é ina Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, bíonn sé freagrach as oibríochtaí na comhairle ó lá go lá. Bíonn sé freagrach fosta as cinntí na comhairle a chur i bhfeidhm.
Bíonn sé ag obair i gcomhar leis na hionadaithe tofa (comhairleoirí) agus le foireann na comhairle chun fís Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a fheidhmiú chun go mbeidh cathair chruthaitheach inbhuanaithe ann.
Bíonn an Bainisteoir Cathrach Páirteach ina Lán Eagraíochtaí thar ceann Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Mar Bhainisteoir Cathrach, is ball é John de na heagraíochtaí seo a leanas:
- Bord Thurasóireachta Bhaile Átha Cliath
- An Chomhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe
- Gníomhaireacht Forbartha an Mhoil Dhigitigh
- Údarás Forbartha Dhugthailte Bhaile Átha Cliath
- Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath
Is é atá ina chathaoirleach fosta ar an nGrúpa Stiúrtha a dhéanann faireachán ar na Treoirlínte ar Phleanáil Réigiúnach do Bhaile Átha Cliath agus do na Lárcheantair Thoir.