Bronntar gradam Shaoirse Chathair Bhaile Átha Cliath ar daoine áirithe mar chomhartha go n-aithnítear a mhéad atá déanta acu ar son na cathrach. Bronntar ar chuairteoirí tábhachtacha ar Bhaile Átha Cliath é mar chomhartha onóra.
Níl sochar airgeadais ná sochar ar bith eile ag gabháil le gradam Shaoirse na Cathrach. Ach tá ardchlú ag gabháil leis, chomh maith le roinnt pribhléidí agus dualgais shiombalacha spéisiúla!
Féadfar ‘saorfhear’ nó ‘saorbhean’ de chuid Bhaile Átha Cliath a thabhairt ar dhaoine ar bronnadh sin orthu. Is Saoránaigh Onóracha de chuid na cathrach iad fosta.
Conas a ainmnítear daoine chun gradam Shaoirse na Cathrach a fháil?
Is é an tArdmhéara a ainmníonn daoine chun gradam Shaoirse na Cathrach a fháil. Cuirtear aon ainmniúcháin faoi bhráid chruinniú den Chomhairle Cathrach áit ar gá vótáil tromlaigh a bheith ann chun go ndaingneofar iad.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi ainmniúcháin, déan teagmháil le hOifig an Ardmhéara ag an seoladh thíos.
Níor bronnadh gradam Shaoirse na Cathrach ach ar bheagán a roghnaíodh.
Go dtí seo níor tugadh gradam Shaoirse Chathair Bhaile Átha Cliath ach do 74 duine.
Ní raibh daoine áirithe ar fáil chun gradam na Saoirse a fháil ar an dáta ar bronnadh orthu é. Bhí Nelson Mandela, mar shampla, ina phríosúnach san Afraic Theas in 1988 nuair a rinneadh Saorfhear de chuid na cathrach de. (Rinneadh an bronnadh air ina dhiaidh sin in 1991.) Tá duine eile ar tugadh gradam na Saoirse uirthi, Aung San Suu Kyi, faoi ghabháil tí faoi láthair in Burma/Myanmar mar gheall ar a cuid tuairimí polaitíochta. Go dtí seo, níorbh fhéidir an bronnadh a dhéanamh uirthi. Léigh an liosta iomlán de dhaoine ar bronnadh gradam Shaoirse na Cathrach orthu.
Pribhléidí agus Dualgais sheanda Saorfhir / Saormhná
Tá roinnt pribhléidí agus dualgas seanda ag daoine a bhfuil Saoirse Baile Átha Cliath acu nach mbaineann le gnáthshaoránaigh, agus i gcás cuid díobh níl ach brí shiombalach leo sa saol nua-aimseartha.
Pribhléidí Saorfhir / Saormhná
- An ceart earraí a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath ar ghéataí na cathrach gan dleachtanna custaim a íoc.
- An ceart caoirigh a cur ar féarach ar choimín laistigh de theorainneacha na cathrach. Cuimsíonn sé sin Faiche an Choláiste an lae inniu (Faiche Hoggen tráth) agus Faiche Stiabhna. (D’fheidhmigh an Saorfhear ‘Bono’ de chuid U2 an ceart sin in 2000!)
- An ceart vótáil i dtoghcháin bardais agus parlaiminte.
Dualgais Saorfhir / Saormhná
- Ní mór do gach Saorfhear / Saorbhean bheith réidh chun an chathair a chosaint ar ionsaí.
- Féadfar Saorfhear / Saorbhean a ghairm faoi ghearrfhógra chun dul isteach sa mhílíste.
- De réir dlí a ritheadh in 1454, ní mór do cheannaí ar bith a ndéanfar Saorfhear / Saorbhean de / di na nithe seo a leanas a bheith ina s(h)eilbh:
- Cóta máille
- Bogha
- Clogad éatrom
- claíomh dá c(h)uid féin
- Ní mór do na saorfhir ó gach ceardchuallacht eile bogha, saighde agus claíomh a bheith acu.
- Luaitear i ndlí a ritheadh in 1465 go bhfuil ceangal ar gach Saorfhear / Saorbhean bogha fada a sholáthar dó / di féin agus é déanta as iúr, as coll virginiach nó as fuinseog. Ní mó dó / di dhá shaighead déag a bheith aige /aici agus iad déanta as an adhmad céanna.
Stair ghradam Shaoirse na Cathrach
Bunaíodh gradam na Saoirse Onóraí faoin Municipal Privileges Ireland Act, 1876 agus bhí sé de cheart ag gach cathair in Éirinn an gradam a bhronnadh. Leathnaíodh réimse ghradam na Saoirse Onóraí faoin Acht Údaráis Áitiúil 1991. Ó sin i leith tá contaetha, chomh maith le cathracha, cáilithe chun é a bhronnadh. Tá gach bronnadh anois faoi rialú an Achta Rialtais Áitiúil, 2001.