Normal text size Large text size High Contrast View Normal View

Stair Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Bunaíodh Bardas Bhaile Átha Cliath (Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath anois) in 1840 mar thoradh ar an Municipal Corporation Reform (Ireland) Act.

Is leis an acht sin a cuireadh a lán leasuithe i bhfeidhm a bhí riachtanach chun an rialtas áitiúil a fheabhsú ina chuid oibríochtaí agus ó cuntasachta de. I measc na leasuithe ba shuntasaí cuireadh go mór le líon na ndaoine a bhí i dteideal vótáil i dtoghcháin de chuid na cathrach.

Príomhdhátaí: 1840 go dtí gur baineadh Saoirse amach (1921)

1841: Deireadh Fómhair: Reáchtáladh na chéad toghcháin faoin gcóras nua. Cuireadh Comhairle Cathrach, a bhí níos ionadaíche, in áit an tsean-Tionóil Chathrach. Ba é Dónall Ó Conaill an chéad duine a toghadh go daonlathach ina Ardmhéara ar Baile Átha Cliath. Léigh tuilleadh faoi Ardmhéaraí Bhaile Átha Cliath.

1849: D’éirigh an Chomhairle Cathrach freagrach as na dualgais a bhíodh ag an ‘Wide Streets Commission’ agus ag an ‘Paving Board’ de thoradh ar an Dublin Improvement Act, 1849.

1852: D’aistrigh an Chomhairle an cheanncheathrú aici ó Áras Thionól na Cathrach go foirgneamh an Mhalartáin Ríoga. Is ansin a tugadh Halla na Cathrach ar an Malartán Ríoga.

1862: Bunaíodh Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath. Faigh tuilleadh eolais faoi Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath.

1868: Tosaíodh ag soláthar uisce glan do shaoránaigh Bhaile Átha Cliath faoi Scéim Uisce Fheartraí.

1875: Tugadh an chumhacht don Chomhairle tithe a thógáil d’oibrithe. Cuireadh tús le ceann de na chéad scéimeanna ag Sráid na Binne Boirbe in 1887 agus ba é Ailtire na Cathrach, Daniel Freeman, a dhear í.

1875: Thosaigh an Chomhairle ag fáil maoine chun páirceanna poiblí a dhéanamh di. Is leis an Open Spaces Act, 1875 a fuarthas an chumhacht chun sin a dhéanamh.

1884: Osclaíodh leabharlann phoiblí i Sráid Thomáis agus i Sráid Chéipil. Léigh tuilleadh faoi leabharlanna i mBaile Átha Cliath.

1892: Thosaigh chéad stáisiún cumhachta leictreachais Bhaile Átha Cliath ag oibriú i Sráid na Toinne.

1908: Thosaigh an Chomhairle ag clárú mótarfheithiclí nua.

1908: Críochnaíodh an Phríomhscéim Draenála do Chathair Bhaile Átha Cliath.


Príomhdhátaí: Saoirse (1921) go dtí an lá inniu

1921: I ndiaidh Chogadh na Saoirse, chuir roinnt ball den Chomhairle Cathrach in éadan an Chonartha Angla-Éireannaigh.

1924: De dheasca Chogadh na gCarad, cuireadh an Chomhairle ar fionraí i mí na Bealtaine agus ghlac triúr coimisinéirí a háit.

1930: Cuireadh deireadh le post Chléireach an Bhaile (a bhí ann ó 1230) agus ina áit sin bhí post ann do Bhainisteoir Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Cléireach Baile. Beartaíodh an post nua amhail is dá mbeadh Príomhfheidhmeannach ann agus é i mbun cuideachta mhór. Léigh tuilleadh faoin mBainisteoir Cathrach.

1930: Leathnaíodh teorainneacha na cathrach chun bailte Ráth Maonais agus Pheambróg a ghlacadh isteach.

1930s: Is ar thithíocht a bhí aird na Comhairle go príomha. Leathnaíodh na fo-bhailte chun Droim Conrach, Cromghlinn agus an Chabrach a ghlacadh isteach.

1940s-1950s: Leathnaíodh fo-bhailte Bhaile Átha Cliath arís chun Baile Formaid agus Baile Munna a ghlacadh isteach.

1970s: Bhí tuilleadh spáis oifige de dhíth ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus – i ndiaidh roinnt suíomh a scrúdú – rinne sí cinneadh foirgneamh a thógáil ar an gCé Adhmaid ar bhruacha na Life. Bá chonspóideach an cinneadh é os rud é gur faoin láithreán sin a bhí iarsmaí seanbhaile de chuid na Lochlannach.

1978: Rinne 20,000 duine mórshiúl agóide in éadan an bhloic oifigí a beartaíodh agus iad ag iarraidh láithreán na Lochlannach a shábháil. Ach, i ndiaidh don Ard-Mhúsaem tochailt a dhéanamh, chuathas ar aghaidh leis an tógáil.

2001: Faoin Acht Rialtais Áitiúil cealaíodh na seanbhardais chontaebhuirge agus cuireadh comhairlí cathrach ina n-áit. Ní Bardas Bhaile Átha Cliath a thabharfaí air feasta (nó ‘An Corpo’ mar a thug na glúine de mhuintir Bhaile Átha Cliath air) ach ‘Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath’.

2001- go dtí inniu: Tháinig fás thar na bearta faoi Bhaile Átha Cliath Críochnaíodh a lán mórthionscadal nó táthar ag obair orthu. In a measc sin tá tollán an chalafoirt, an córas tramanna (Luas), an córas metro, tithe nua agus athghiniúint sráideanna.

`

For more information

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Oifigí na Cathrach
An Ché Adhmaid
Baile Átha Cliath 8

Teil: (01) 222 2222
8.00 am go dtí 6.00 pm, Luan go hAoine

Ríomhphost
customerservices@dublincity.ie