Gach bliain toghann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an tArdmhéara as measc a cuid ball féin.
Is é an tArdmhéara céadsaoránach Bhaile Átha Cliath agus gníomhaíonn sé / sí mar ambasadóir thar ceann na cathrach ar fud na tíre agus thar lear. Le linn dó /di bheith in oifig, bíonn cónaí ar an Ardmhéara san áras oifigiúil, Teach an Ardmhéara.
Bíonn an tArdmhéara i gceannas ar chruinnithe na Comhairle Cathrach agus síníonn sé / sí taifid na n-imeachtaí.
Léigh tuilleadh faoin Ardmhéara atá anois ar Bhaile Átha Cliath.
Príomhdhátaí i stair Ardmhéaraí Bhaile Átha Cliath
1229: Bhunaigh an Rí Anraí II oifig Ardmhéara Bhaile Átha Cliath. D’eisigh sé cairt fosta lenar tugadh cead do shaoránaigh Bhaile Átha Cliath Méara a thoghadh gach bliain.
1229: Toghadh Richard Muton ina chéad mhéara ar Bhaile Átha Cliath.
1641: Athraíodh an teideal ó Mhéara go hArdmhéara. Ach níor tháinig sin in éifeacht láithreach.
1665: Chinn Tionól Bhaile Átha Cliath gurbh é an Ridire Daniel Bellington an chéad duine ar chóir dó an teideal Ardmhéara Bhaile Átha Cliath a ghlacadh.
1672: Tugadh rialacháin nua isteach. Chiallaigh sin nár mhór d'Fhear Ionaid an Rí (Ard-Leifteanant) in Éirinn toghchán an Ardmhéara a cheadú.
1760: D’ullmhaigh comhairle choiteann Bhaile Átha Cliath moltaí le haghaidh athruithe i mbunreacht thionól na cathrach.
Chiallaigh sin nár mhór do na comóntaí toghchán an Ardmhéara a cheadú.
1840: Ritheadh an Municipal Corporations Reform (Ireland) Act. Faoin Acht sin bhí cead ag íocóirí rátaí a raibh luacháil bhliantúil £10 orthu vótáil i dtoghcháin de chuid na cathrach agus suí ar an gcomhairle.
1841: Tháinig an Municipal Corporations Reform (Ireland) Act in éifeacht. Ba é Bardas Bhaile Átha Cliath (Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath anois) údarás bardasach nua Chathair Bhaile Átha Cliath. Chruinnigh Tionól Chathair Bhaile Átha Cliath le chéile den uair dheireanach in Áras Thionól na Cathrach i Sráid Liam Theas.
1841: Toghadh Dónall Ó Conaill ar Bhardas nua Bhaile Átha Cliath agus chuaigh i mbun dualgas mar Ardmhéara ar Bhaile Átha Cliath. Ba é an chéad Chaitliceach le bheith ina Ardmhéara ó 1690.