Tá stádas na Gaeilge leagtha amach i mBunreacht na hÉireann faoi Airteagal 8 http://www.taoiseach.gov.ie den Bhunreacht.
Cuirtear fáilte i gcónaí roimh chustaiméirí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath gnó a dhéanamh linn trí Ghaeilge.

Chomh maith leis sin tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 http://acts.oireachtas.ie/ga.act.2003.0032.1.html líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, thar thréimhse ama.

Tá Oifig an choimisinéara Teanga bunaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar oifig reachtúil neamhspleách a fheidhmíonn ina seirbhís ombudsman agus mar áisíneacht ghéilliúlachta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.coimisineir.ie
D’fhoilsigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath scéim teanga - Scéim 2006-2009 faoi réir Mhír 11 d’Acht na dTeangacha Oifigúla 2003 ar 13 Iúil 2006. Tá cur síos sa scéim seo ar na seirbhísí a sholáthraíonn an Chomhairle Cathrach agus ar na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge. Déantar cur síos sa scéim ar an dóigh a bhfuil sé beartaithe ag an gComhairle seirbhísí faoi leith a chur chun cinn.
Deirimid i gCairt Chustaiméara Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go ndéanfaimid iarracht freastal ar na custaiméirí uile ar mian leo a gnó a dhéanamh linn trí Gaeilge.