Ó am go céile eagraíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath imeachtaí trí Ghaeilge sa chathair agus déantar iad a fhógairt anseo thíos nuair is féidir.
Bímis ag siúl agus ag caint

www.letswalkandtalk.ie
Má tá dúil agat sa siúl agus suim agat do chuid Ghaeilge a chleachtadh bí linn gach Aoine ag 11am ag Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill. Maireann an tsiúlóid timpeall uair go leith.
Tá tuilleadh eolais maidir le siúlóidí seachtainiúla eile agus siúlóidí a bhaineann le stair na cathrach ar fáil ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag 2222233(9-5pm) nó ag letswalkandtalk@dublincity.ie
Seachtain na Gaeilge

Rithfidh féile na bliana seo ó 5 – 17 Márta 2012. Chun breis eolais a fháil faoi Sheachtain na Gaeilge agus chun clár imeachtaí eagraithe ag an gComhairle cliceáil anseo.
Ciorcal Comhrá
Tá ciorcail comhrá Gaeilge eagraithe ag Leabharlanna Poiblí Bhaile Átha Cliath nach mór gach lá den tseachtain.
| Dé Luain |
Leabharlann na Cabraí |
7pm – 8pm |
01 869 1414 |
| Dé Céadaoin |
Leabharlann Ráth Eanaigh |
6.30 – 8pm |
01 831 5521 |
| Dé Céadaoin |
Leabharlann Thír an Iúir |
6.30-7.30pm |
01 490 7035 |
| Déardaoin |
Leabharlann Bhaile Munna |
3pm – 5pm |
01 842 1890 |
| Dé Sathairn |
An Lárleabharlann, Lárionad ILAC |
10.30 – 12.00pm |
01 873 4333 |
Tuilleadh eolais agus faoi seirbhísí uile Leabharlann Poiblí Bhaile Átha Cliath le fáil ag www.dublincity.ie/RecreationandCulture/libraries/