Polasaí Gaeilge agus Seirbhísí Gaeilge

Is féidir leat seirbhísí éagsúla a fháil i nGaeilge ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Seirbhísí atá ar fáil go hiomlán i nGaeilge  

Seirbhísí a bhfuil cuid díobh ar fáil i nGaeilge (doiciméid go príomha)

  • Aonad na Seirbhísí Custaiméirí:  Pléann an roinn seo le cumarsáid ón bpobal go ginearálta.
  • Oifigí Mótarchánach: Eisíonn an roinn seo deimhnithe cánach le haghaidh mótarfheithiclí.
  • Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath: Bainistíonn an roinn seo leabharlanna poiblí i gCathair Bhaile Átha Cliath.

Conas a chomhlíonfaimid ár n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla

Deirimid i gCairt Chustaiméara Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go ndéanfaimid iarracht freastal ar na custaiméirí uile ar mian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge.

Mar a cheanglaítear le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, táimid i ndiaidh scéim a fhoilsiú ina bhfuil cur síos ar an dóigh a bhfuil sé beartaithe againn na seirbhísí sin a mhéadú agus a fheabhsú sa tréimhse 2006 – 2009.

Déanann an Scéim cur síos ar :

  • Na seirbhísí a sholáthraíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
  • Na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge faoi láthair
  • Na bearta atá leagtha amach chun méadú agus feabhas a chur ar na seirbhísí sin

For more information

Breis Eolais

An tAonad Forbartha Gaeilge
An Roinn Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
3 Sráid an Pháláis
Baile Átha Cliath 2.

Teil: (01) 222 3973 / (01) 222 3964
Facs: (01) 222 3921
Rphost: gaeilge@dublincity.ie