Bain sult as an bhféile Otherworld i mBaile Munna Oíche Shamhna

Cuireann an tArdmhéara, Críona Ní Dhálaigh, fáilte roimh Fhéile Otherworld Bhaile Munna a bheidh ag filleadh ar an gCearnóg Chathartha, Baile Munna, Oíche Shamhna, Dé Sathairn, an 31 Deireadh Fómhair 2015 ó 6pm go 9pm.

Beidh paráid Staileanna Scáfara ag marcaíocht trí shráideanna Bhaile Munna i dtreo Shráidbhaile na Féile ag an gCearnóg Chathartha i gcomhair trí uair an chloig de shiamsaíocht iontach don teaghlach a chuirfidh iontas agus eagla do bháis ort.  Tar éis siúlóid bheag tríd an bhForaois Draíochta buailfidh tú le Circus Gerbola, ceoltóirí sráide, damhsóirí, seastáin bhia, taibheoirí agus ealaíontóirí.  Coinneoidh Céilí House gach duine ar bís agus bainfidh na daoine óga sult an domhain as an Aonach Beag Spraoi.  Beidh Sráidbhaile na Féile beo bríomhar le gníomhaíochtaí éagsúla i rith an tráthnóna. An ghníomhaíocht dheireanach a bheidh ann ná tinte ealaíne le Rocket Pyrotechnics ag 8.45pm.   Dúnfar an Sráidbhaile ag 9pm.

Dúirt an tArdmhéara Críona Ní Dhálaigh, “Tá an fhéile Otherworld i mBaile Munna, atá ina 15ú bliain anois, ag dul ó neart go neart agus tóir ag níos mó daoine uirthi gach bliain. Tá sí ar cheann de na féilte teaghlaigh is mó ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le haghaidh Oíche Shamhna.  Spreagann an fhéile bhliantúil uafásach iontach seo samhlaíocht na n-óg agus na sean i dtimpeallacht atá slán sábháilte.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Coiste Stiúrtha Fhéile Bhaile Munna as ucht an fhéile a eagrú agus le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath as ucht í a mhaoiniú. Bain taitneamh as Oíche Shamhna agus fan glan amach ó thinte ealaíne mídhleathacha agus ó thinte cnámh”.

Tá lucht eagraithe na féile ag súil le thart ar 5,000 duine ag Sráidbhaile na Féile chun Oíche Shamhna a cheiliúradh.

Críoch

https://twitter.com/DubCityCouncil      

www.facebook.com/DublinCityCouncil

Feedback