Cóiste an Ardmhéara

Tá Teach an Ardmhéara ag comóradh 300 bliain i mbliana agus mar chuid den cheiliúradh beidh Cóiste an Ardmhéara ar taispeáint os comhair Teach an Ardmhéara, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2, Dé Sathairn , 13 Meitheamh, ó 11am go 4pm.

Beidh Teach an Ardmhéara oscailte don phobal an lá céanna ó 12 go 4pm agus beidh deis ag daoine siúil tríd an teach. Idir 11 agus 12pm beidh an Dochtúir Philip McEvansoneya ag tabhairt léacht faoin gcóiste dar teideal ‘A colourful spectacle revived: The State Coach of the Lord Mayor of Dublin.’


Téann stair an Chóiste siar go dtí 1791. Ba é William Whitton, ceardaí lonnaithe ar Shráid Dhoiminic, a rinne é ar son Ardmhéara Bhaile Átha Cliath. Suim ollmhór airgid a bhí an costas air ag an am - £2,690. Seasann ardchaighdeán na ceardaíochta Bhaile Átha Cliath sa saothar, fiú sa lá atá inniu ann. Dearadh casta agus cuma fíorálainn atá ar an gcóiste atá 24 troigh ar fad, 8 dtroigh ar leithead agus níos mó ná 11 troigh in airde. Is annamh a bhíonn an Cóiste os comhair an tsaoil agus mar sin is fiú an deis a thapú é a fheiceáil an Satharn bheag seo.

Chun áit a chur in áirithe don léacht thuas, bí i dteagmháil le lordmayor@dublincity.ie nó ar an teileafón: 01 222 6200. Maidir le ticéid don léacht, tiocfaidh do sheal mar a thiocfaidh tú féin.

Feedback